I gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, bhí an tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag réamhbhreathnú ar “The Atlas of the Irish Revolution”, clár faisnéise sraithe i dtrí chuid bunaithe ar an leabhar a dhéanann taifead ar an réabhlóid.
Is é an t-aisteoir Cillian Murphy a rinne tráchtaireacht ar an tsraith agus clúdaíonn sé an tréimhse ó bhunú na Chéad Dála in 1919 go dtí 1921.
Bhí seisiún ceisteanna agus freagraí ag gabháil leis an gcur ar scáileán agus bhí painéal speisialtóirí ann á modhnú ag an staraí agus craoltóir an Dr. John Bowman.