Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gcreidiúnais

Céa 22nd Ean, 2020 | 14:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Wednesday, 22nd January, 2020

Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gcreidiúnais

Chuir a Soilsí, Ambasadóir Phoblacht na Sile, Ambasadóir  Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach Laos agus Ambasadóir - Ceann Misin Mhisean na Palaistíne a gcuid litreacha creidiúnaithe faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtaráin.

Bhí an tUasal Finian McGrath, T.D., Aire Stáit maidir le Ceisteanna Míchumais, ina ionadaí ag an Rialtas ag an searmanas. 

Rinneadh na hAmbasadóirí a thionlacan chuig Áras an Uachtaráin agus ar ais ag Tionlacan Onóra ina raibh díorma gluaisrothar ón 2ú Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Leifteanaint Jason Nugent. Chuir an Chéad Scuadrún Marcra Armúrtha, Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh, Garda Onóra ar fáil in Áras an Uachtaráin faoi cheannas an Leifteanaint Colm Fahy. Stiúir an Captaen John Carpenter Banna Uimhir 1 an Airm, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath.