Tá an tUachtarán inár gCeann Stáit.
Tá an tUachtarán inár gCeann Stáit.

Tá an tUachtarán inár gCeann Stáit.

Mar Cheann Stáit, déanann an tUachtarán ionadaíocht thar ceann na tíre sa bhaile agus thar lear.

An tUachtarán á thoghadh

An tUachtarán á thoghadh

Déanann pobal na hÉireann an tUachtarán a thoghadh go daonlathach chun téarma 7 mbliana a chur isteach. De réir an Bhunreachta, ceadaítear don Uachtarán dhá théarma - 14 bliana - ar a mhéad a chur isteach. 

Insealbhú an Uachtaráin

Glacann an tUachtarán mionn na hoifige ag an searmanas insealbhaithe i gCaisleán Bhaile Atha Cliath. Rinne an tUachtarán reatha é sin ar an 11 Samhain 2011 (11/11/11). 

Tascanna an Uachtaráin

Tascanna an Uachtaráin

Cuireann an tUachtarán roinnt mhaith tascanna i bhfeidhm thar ceann mhuintir na hÉireann. Mar Cheann Stáit, cuireann an tUachtarán a lámh le billí a ritheann Tithe an Oireachtais, agus buaileann an tUachtarán le ceannairí domhanda eile ar ár son. Déanann an tUachtarán ionadaíocht ar an náisiún ar ócáidí ceiliúrtha nó brónacha. Sampla amháin de sin ab ea na hócáidí comórtha ar Éirí Amach na Cásca le gairid, nuair a leag an tUachtarán bláthfhleasca i gcuimhne ar na daoine sin a bhásaigh le linn na troda. Tá an tUachtarán ina Cheannaire ar na Fórsaí Cosanta chomh maith.

An bealach a gceapann an tUachtarán an Taoiseach

De réir Airteagal 13 de Bhunreacht na hÉireann ceapfaidh an tUachtarán an Taoiseach, ach é/í a bheith ainmnithe ag Dáil Éireann.  
Míníonn an físeán seo, a rinne Aonad Craolacháin an Oireachtais, an próiseas.

Cumhachtaí an Uachtaráin
Cumhachtaí an Uachtaráin
Cumhachtaí an Uachtaráin

Tá cumhachtaí an Uachtaráin leagtha síos sa Bhunreacht

  • Ceapadh an Taoisigh agus Airí Rialtais (tar éis toghcháin)
  • An Dáil a lánscor (deireadh a chur leis)
  • Breithimh a cheapadh
  • Oifigigh na bhFórsaí Cosanta (an t-arm, an cabhlach, an t-aerchór) a cheapadh
  • Síniú Billí (a n-achtaítear ina ndlíthe ansin)
  • Na Billí sin a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí chun féachaint an bhfuil siad ag teacht leis an mBunreacht

Cad a d'fhoghlaim tú?

Freagair na ceisteanna faoin Uachtarán reatha chun d'eolas a thástáil.

{{question.title}}

{{question.text}}


Torthaí

Scór iomlán: {{score()}} / {{quiz.questions.length}}