Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte

Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte

Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte

I measc na ndúshlán is mó sna blianta amach romhainn beidh cabhair a thabhairt chun seasamh le caidreamh measúil agus síochánta idir na daoine agus na pobail ar an oileán seo.

Tá an tionscnamh “Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte” dírithe ar phlé cuimsitheach a spreagadh ar an gcaoi ar féidir rath a bheith orainn uile ar oileán na hÉireann, agus sinn inár gcónaí go síochánta agus meas againn ar ár stair chasta.

Ó insealbhaíodh é in 2011 mar Uachtarán na hÉireann, tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis labhairt faoin tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh le pobail na Breataine, na hEorpa agus an domhain mhóir a chosaint agus a dhoimhniú, agus bhí a chuid cruinnithe agus a thurais thar lear go léir dírithe ar an gcaidreamh idirnáisiúnta agus ar an gcaidreamh idir pobail a neartú.

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh chuig Áras an Uachtaráin do smaointeoirí ó chúlraí, phobail agus ghrúpaí cultúrtha éagsúla, a bhíonn i mbun oibre chun caidreamh dearfach a chothú idir gach duine ar an oileán seo, agus lenár gcomharsana. Léireoidh an tionscnamh “Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte” spiorad agus rún Chomhaontú Aoine an Chéasta agus cuirfidh sé leis an obair iontach a rinne na húdair chun a chinntiú go mbeidh an t-athmhuintearas lárnach inár dtodhchaí, in ainneoin an bhrú fhéideartha ó fhorbairtí idirnáisiúnta agus ó na héiginnteachtaí polaitiúla.