An tSamhlaíocht agus An Náisiún

An tSamhlaíocht agus An Náisiún

An tSamhlaíocht agus An Náisiún

Is tionscnamh a dhíríonn ar ról cumhachtach agus claochlaithe na healaíne agus na cruthaitheachta in éabhlóid na hÉireann mar phoblacht agus mar idé atá in 'An tSamhlaíocht agus An Náisiún'.

Is minic a d’imir na healaíona cruthaitheacha ról tábhachtach i dtabhairt le chéile an iliomad snáitheanna ón am atá caite, ón lá atá inniu ann agus ón am amach anseo in Éirinn, agus tranglam na staire á spíonadh, snáitheanna ceilte inár gcreatlach shóisialta á dtabhairt aníos chun féidearthachtaí nua na todhchaí a fhí.

Ligeann an ealaín dúinn machnamh a dhéanamh ar thaithí saoil éagsúil, ón am atá caite go dtí an lá inniu, ag déanamh fianaise, ag tabhairt leighis agus ag dul i mbun gnímh. Go bunúsach maireann sí ó ghlúin go glúin – déantar ceangail agus comhráite a chruthú agus a athnuachan in amanna éagsúla agus faoi chúinsí a bhíonn ag athrú.

Tá an tionscnamh “An tSamhlaíocht agus an Náisiún” bunaithe ar na téamaí a chuir an tUachtarán Ó hUigínn chun cinn mar chuid dá fhís d’Éirinn, An Rannpháirtíocht Chomhionann agus Pobail Inbhuanaithe san áireamh. Díreoidh sé ar an ngá atá leis an ealaín agus an chruthaitheacht i saol comhaimseartha na hÉireann agus ar an gcumas atá acu caidreamh a dhéanamh, dúshlán a thabhairt, athrú ó bhonn agus cumhacht a thabhairt. Trí ócáidí nua cruthaitheachta agus samhlaithe comhchoiteanna a cheiliúradh agus a spreagadh - poblacht níos cothroime agus todhchaí chomhroinnte níos fearr a shamhlú agus a bhaint amach - tabharfaidh sé tacaíocht leathan don phobal dul i ngleic le téama na huachtaránachta “An Stair á Roinnt, An Todhchaí á Mhúnlú” a chuireann chun cinn cur chuige cuimsitheach i dtaca lenár gcomórthaí náisiúnta agus a spreagann gníomhartha nua den tsamhlaíocht i gcomhair an chéad bliain amach romhainn.