Saidhbhín Uí Uigínn

Saidhbhín Uí Uigínn

Saidhbhín Uí Uigínn

Beathaisnéis

Is í Saidhbhín Uí Uigínn bean chéile Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, a insealbhaíodh ina Uachtarán ar an 11 Samhain 2011 ar feadh téarma seacht mbliana, agus arís do théarma eile ar an 11 Samhain 2018. Bhí os cionn milliún vóta caite ar a shon, an líon vótaí is airde a fuair aon pholaiteoir i stair thoghchánaíocht na hÉireann. Atoghadh an tUachtarán Ó hUigínn in 2018, arís le mandáid stairiúil, nuair a d’éirigh leis an tromlach ba mhó i stair an Stáit a bhaint amach.

Rugadh Saidhbhín Ní Chadhuin, Uí Uigínn mar atá anois, i gCluain Ráin ar theorainn Ghaillimh-Mhaigh Eo agus fuair sí a cuid scolaíochta i mBaile an Daighin agus i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo. 

Nuair a bhí ocht mbliana déag slánaithe ag Saidhbhín, bhog sí go Baile Átha Cliath chun dul ag obair in oifig Choimisiún na Talún. Thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an aisteoireacht agus modh Stanislavsky á úsáid aici faoi threoir Deirdre O’Connell. Bhí Saidbhín ina cailín coimhdeachta nuair a phós Deirdre O’Connell an t-amhránaí aitheanta Luke Kelly (The Dubliners) agus bhí sí ar dhuine de chomhbhunaitheoirí chompántas aisteoirí an Focus, in éineacht le Deirdre, áit ar oibrigh sí le Tom Hickey, Timmy McDonald, Mary Elizabeth Burke Kennedy, Joan Bergin agus go leor eile nach iad. 

Chas Saidhbhín ar Mhícheál D. Ó hUigínn ag cóisir i mBaile Átha Cliath agus i 1974 pósadh iad i Séipéal Bhóthar Haddington, i mBaile Átha Cliath. Bhog Saidhbhín goGaillimh, áit ar oibrigh sí i gcomhpháirt le Mícheál D. san iliomad feachtas agus sa saol poiblí ar feadh tréimhse níos faide ná tríocha bliain agus ar choinnigh sí an bhaint a bhí aici leis an amharclann agus leis na healaíona poiblí, í ag obair le compántas cáiliúil an Druid, leis an Taibhdhearc agus le grúpaí eile.