Tugtar an tUachtarán chuig an Escuela Nacional de Danza, agus tabharfar deis dó freastail ar ...

Sat 18th Fea, 2017 | 11:30
suíomh: Havana, Cúba
Tugtar an tUachtarán chuig an Escuela Nacional de Danza, agus tabharfar deis dó freastail ar ...

...cheardlann ina bhfuil taibheoirí ó Éire agus ó Chuba rannpháirteach.

 

 

I gcomhthéacs Chuairt Stáit an Uachtaráin chuig Cúba, thug sé cuairt ar Scoil Náisiúnta an Damhsa Chomhaimseartha.

Is cuid í an scoil de na cúig scoil atá i Scoileanna Náisiúnta Ealaíon Chúba, arbh iad Fidel Castro agus Che Guevara a smaoinigh orthu in 1961, agus tá sé lonnaithe i bhfoirgnimh a bhain le galfchúrsa Chlub Tuaithe Havana, a thóg an t-ailtire cáiliúil Cúbach Ricardo Porro.

Tá an Escuela Nacional de Danza ina cuid de ghréasán níos leithne scoileanna ealaíon trasna na tíre a chuireann oideachas saor in aisce ar fáil atá dírithe ar ghnéithe éagsúla de na healaíona ar mhaithe le daltaí Cúbacha ó naoi mbliana d’aois go dtí leibhéal na hOllscoile, agus déanann siad sainstaidéar ar dhisciplíní éagsúla amhail amharc-ealaíona, ceol, bailé, damhsa traidisiúnta agus comhaimseartha agus taibhiú sorcais.

Bíonn fócas ar leith ag an Escuela Nacional de Danza ar dhamhsa comhaimseartha agus Cúbach.

Bhí an tUachtarán i láthair ag ceardlann a d’eagraigh Cultúr Éireann, ina raibh damhsóirí Éireannacha agus daltaí Cúbacha na scoile.