An tUachtarán ina Aoichainteoir ag Comhdháil maidir le Tionscadal Cornmarket agus iadsan ag comóradh 20 Bliain ar an bhfód

hAo 22nd Sam, 2019 | 11:00
suíomh: (Loch Garman) Bóthar an Spá
An tUachtarán ina Aoichainteoir ag Comhdháil maidir le Tionscadal Cornmarket agus iadsan ag comóradh 20 Bliain ar an bhfód

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Thionscadal Mhargadh an Arbhair i Loch Garman.

Is í Forbairt Áitiúil Loch Garman atá ag stiúradh an tionscadail agus cuireann sí seirbhísí tacaíochta ar fáil do dhaoine aonair agus dá dteaghlaigh a mbíonn deacracht acu déileáil le tionchar na handúile i ndrugaí agus in alcól.

Bunaíodh an clár cóireála agus athshlánaithe pobalbhunaithe in 1999, agus tairgeann sé raon clár athraithe iompraíochta dóibh siúd atá ag baint mí-úsáide as drugaí le tamall siar nó a ciontaíodh as cionta coiriúla cheana, chun cuidiú leo filleadh ar ais ar stíl mhaireachtála shocair agus bhisiúil. 

Mar chuid dá cur chuige comhtháite i leith seirbhísí agus tacaí do dhaoine atá i dtrioblóid de bharr na coiriúlachta, na ndrugaí agus an alcóil, tairgeann Margadh an Arbhair seirbhís ceartais aisirígh chomh maith, rud a chuireann i gcumarsáid iad siúd a ndearnadh dochar dóibh de bharr na coire agus iad sin a bhí freagrach as an dochar. Tá an clár sin á chur i bhfeidhm i gcomhar leis an tSeirbhís Promhaidh.