Ag searmanas in Áras an Uachtaráin bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Gradaim um Sheirbhís den Chéad Scoth an Uachtaráin den bhliain 2019.
Bronnann an tUachtarán na Gradaim gach bliain mar aitheantas don tseirbhís a thugann daoine atá ina gcónaí taobh amuigh den tír don tír seo nó do phobail Éireannacha thar lear.
Bunaíodh na Gradaim in 2011, mar shlí le haitheantas a thabhairt d’ionchur dhiaspóra na hÉireann agus bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn na chéad ghradaim in 2012.
Is iad faighteoirí na bliana 2019:
Ealaíona, Cultúr agus Spórt
- Ian Gibson (An Spáinn)
- Charlotte Moore agus Ciaran O’Reilly (SA)
Gnó agus Oideachas
- Paul Drechsler (An Bhreatain)
- Michael Kenneally agus Rhona Richman Kenneally (Ceanada)
Obair Charthanach
- An tAthair Patrick Clarke (An Bhrasaíl)
- Bernard Lynch (An Bhreatain)
Tacaíocht do Phobal Éireannach
- Jackie Donohoe (US)
Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt
- Sally O’Neill Sanchez (deceased - Honduras)
Eolaíocht agus Teicneolaíocht
- Jocelyn Bell Burnell (Britain)
- William Howlett (Tanzania)