Aitheasc ón Uachtarán ag Comhdháil Idirnáisiúnta Cácais na mBan

Dom 9th Meá, 2018 | 19:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Halla Phádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath
Aitheasc ón Uachtarán ag Comhdháil Idirnáisiúnta Cácais na mBan

Ag labhairt dó ag an gcéad Chomhdháil de Chácais Pharlaiminte na mBan, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh theacht chun cinn “an fheimineachais mhuinínigh agus athnuaite." 

Dúirt an tUachtarán gur “féidir linn labhairt anois ar an gceathrú babhta feimineachais, feimineachas atá domhanda maidir lena scála agus a uaillmhian  agus atá uilíoch ina dhlúthpháirtíocht, é dírithe ar dhul i ngleic le cuid de na struchtúir leatromacha is forleithne atá fós ann.”

Bailíonn an chomhdháil parlaiminteoirí ban ó gach cearn ar domhan le chéile, chun ceisteanna a bhaineann le mná agus bealaí ar féidir le parlaiminteoirí dul i ngleic leo a phlé.


I mí an Mheithimh, rinneadh comóradh in Éirinn ar thabhairt cead vótála do mhná 100 bliain ó shin. Rinne an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar an gcéad bliain ar roinnt ócáidí éagsúla; ina measc cuireadh fáilte ar siúl le haghaidh mná spóirt (ar Lá Idirnáisiúnta na mBan), cóisir gairdín in ómós don ghluaiseacht chun cead vótála a thabhairt do mhná (ar an 27 Meitheamh), agus nochtadh leac chuimhneacháin in ómós don ghníomhaí ar son chearta na mban, Hanna Sheehy Skeffington (i mí an Mheithimh). Chomh maith leis sin, i mí Feabhra na bliana seo, thug an tUachtarán cuairt ar Leacht Cuimhneacháin na Sufraigéidí i nGairdíní Christchurch i Londain