Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais

Mái 19th Nol, 2017 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais

Chuir Ambasadóirí Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Phoblacht Chúba agus Phoblacht an Chósta Eabhair a gcuid Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin in  Áras an Uachtaráin.

Bhí A Soilse, an tUasal Deike Potzel, Ambasadóir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine á tionlacan ag Leas-Cheannasaí Misin, an tUasal Josef Reichhardt.  

Bhí A Shoilse, an tUasal Hugo Ramos Milanes, Ambasadóir Phoblacht Chúba, á thionlacan ag a bhean chéile, an tUasal Soraya Torres Jaime.  

Bhí A Shoilse, an tUasal Georges Aboua, Ambasadóir Phoblacht an Chósta Eabhair, á thionlacan ag an Uasal Mory Diarassouba, Comhairleoir Tráchtála. 

Ba é an tUasal Pat Breen, T.D. Aire Stáit don Trádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí, a rinne ionadaíocht ar son an Rialtais ag an searmanas.  

Bhí na daoine seo a leanas i láthair chomh maith: An tUasal Art O'Leary, Rúnaí-Ginearálta an Uachtaráin; an Coirnéal Michael Kiernan, Aide-de-Camp an Uachtaráin; an tUasal Ruairí de Búrca, Rúnaí Cúnta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; an tUasal Feilim McLaughlin, an tUasal Joe Brennan agus an tUasal Claire Buckley, Prótacal, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Rinne Coimhdeacht Onóra, díorma gluaisrothar ón 2ú Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Leifteanaint Karl Dempsey, na hAmbasadóirí a thionlacan go dtí Áras an Uachtaráin agus as.

Chuir an  12ú Cathlán Coisithe, Dún an tSáirséalaigh, Luimneach, faoi cheannas an Leifteanaint Seamus Shannon, Garda Onóra ar fáil in Áras an Uachtaráin. Ba é an Captaen John Carpenter a stiúir an 1ú Armbhanna, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath.