Nuacht

An tUachtarán Ó hUigínn agus an diaspóra Éireannach

Foilsithe: Dom 12th Iúi, 2020 | 13:54

“Tuigimid go maith in Éirinn go bhfuilimid go mór faoi chomaoin acu siúd a d’fhág ár gcladaigh thar na mblianta fada, agus gur ghlac a gcuid oibre, tacaíochta flaithiúla agus misnigh dóibh siúd a d’fhan sa bhaile, páirt lárnach i gclaochlú agus i gcruthú Éire chomhaimseartha an lae inniu”.

Is téama buan ar feadh Uachtaránacht Mhichíl D. Uí Uigínn atá san imirce agus an diaspóra Éireannach. 

Tá sé ráite ag an Uachtarán gurb ionann ár ndiaspóra agus “ceann de na hacmhainní is fearr atá ag Éirinn” agus gur “trí obair mhór ár ndaoine ar son na náisiún a dtéann siad ar imirce chucu; tríd an dáimh a chruthaítear le muintir na dtíortha sin, a bhfuil sé curtha ar chumas na hÉireann acu naisc dhomhanda a dhéanamh atá i bhfad níos mó ná ár méid fhisiciúil”.

Agus é ag labhairt ní hamháin mar shocheolaí, ach mar dhuine a bhfuil lorg na heisimirce fágtha ar a mhuintir, tá aird tarraingthe ag an Uachtarán ar chúiseanna agus ar iarmhairtí na himirce Éireannaí. Anuas air sin, tá cuairt tugtha aige ar lear mór eagraíochtaí a chuireann tacaíocht ar fáil do bhaill leochaileacha na bpobal Éireannach thar lear. 

Chomh maith leis sin, gach bliain bronnann an tUachtarán Ó hUigínn Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear ar dhaoine as an tseirbhís speisialta a thugann siad don tír seo nó do phobail na hÉireann a bhfuil cónaí orthu thar sáile.  


Imeachtaí ábhartha eile: