![Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar Larionad na nGael, Learpholl](/images/made/44d1dc18a2367c64/NO_FEE_PRES_UK_VISIT_DAY_3_MX-11_720_480.jpg)
Thug an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar Ionad Éireann Learphoill ar tugadh "Ionad Éireann Naomh Micheál" air nuair a thug an tUachtarán cuairt air in 2012. Eagraíonn an tIonad gníomhaíochtaí chun tacú le baill leochaileacha an phobail Éireannaigh i Learpholl.
Tá an tIonad ar an áit a mbíonn Comhaltas Ceoltóirí Éireann lonnaithe in iarthuaisceart Shasana agus oibríonn sé i gcomhar le Cúram Pobail na nÉireannach agus le dhá chlub peile Gaelaí i gceantar Merseyside a bhaineann úsáid as a shaoráidí i gcomhair cruinnithe agus ócáidí tiomsaithe airgid.
In 2012, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Ionad Éireann Naomh Micheál, áit ar mhol sé an t-eagras as pobal láidir Éireannach a mhúnlú sa chathair.