Eolas

Eolas

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Oifig Ard Rúnaí an Uachtaráin

Scéim Athbhreithnithe  2013 – 2015

faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Office of the Secretary General to the President

Revised Scheme 2013 – 2015

under Section 15 of the Official Languages Act 2003

Nollaig, 2012

 

CLÁR ÁBHAR

Caibidil 1        Réamhrá & Cúlra

  • A Bhfuil sa Scéim Teanga
  • Dáta tosaithe na Scéime
  • Measúnú ar a mhéid atá seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge cheana féin

Caibidil 2        Seirbhísí a chuirfear ar fáil agus bearta a chuirfear i gcrích le linn na Scéime reatha

  • Bealaí Cumarsáide leis an bPobal / Faisnéis don Phobal

Caibidil 3        Aonaid Ghnó Ábhartha laistigh d’Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin

Caibidil 4        Feabhsú na Seirbhísí a chuirfear ar fáil go dátheangach

  • Cúlra
  • Earcaíocht & Socrú
  • Oiliúint & Forbairt
  • Cumas Gaeilge na hOifige a fheabhsú

Caibidil 5        Monatóireacht & Athbhreithniú

Caibidil 6        An Scéim Chomhaontaithe a Phoibliú                              

 

Caibidil 1

Réamhrá & Cúlra

Ullmhaíodh an scéim bhunaidh faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (“an tAcht”) ag Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin, dá dtagraíodh ina dhiaidh sin mar ‘an Oifig’. Ullmhaítear an t-athbhreithniú seo faoi alt 15 an Achta.

Déanann alt 11 foráil d'ullmhúchán scéime reachtúla ag comhlachtaí poiblí a shonraíonn na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil

trí mheán na Gaeilge,
trí mheán an Bhéarla, agus
trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla;

agus na bearta lena nglacfar chun a chinntiú go soláthrófar aon seirbhís nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge laistigh de thréimhse ama chomhaontaithe.

1.1       A Bhfuil sa Scéim Teanga

Tógann an scéim ar a mhéid de sheirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge faoi láthair mar

 bhunphointe.  Tugadh méid áirithe gealltanais i gcéad scéim na hOifige d’fonn leibhéal na Gaeilge a fheabhsú.  Tá iarracht déanta ag an Oifig na gealltanais seo a chur i bhfeidhm ina n-iomláine, agus táthar ag obair le hOifig an Choimisinéara Teanga  chun agaidh a thabhairt ar na pointí feidhmithe atá tagtha chun cinn le linn shaolré na chéad scéime.   Ta sé d’aidhm

sa dara scéim leanúint leis na gealltanais seo a sholáthar agus tógáil ar an dul chun cinn atá bainte amach  le linn shaolré na scéime deiridh. 

Déanfaidh an Oifig monatóireacht leanúnach ar leibhéal an éilimh ar a cuid seirbhísí trí mheán na Gaeilge.

1.2      Dáta tosaithe na Scéime

Tá an Scéim daingnithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.  Cuirfear tús léi ar an 1 Eanáir, 2013, agus fanfaidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí  bliana ón dáta seo nó go dtí go ndéanfar scéim nua a dhearbhú de bhun Alt 15 an Achta, cibé dáta acu sin is luaithe.

1.3       Measúnú ar a mhéid atá seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge cheana féin

Is é príomhchuspóir an Achta infhaighteacht níos fearr agus caighdeán níos airde a chinntiú maidir le seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge.  Cé nach bhfuil an Oifig ag díriú go príomha ar sholáthar seirbhíse poiblí, soláthraíonn an Oifig seirbhísí trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach.

Caibidil 2

Seirbhísí a chuirfear ar fáil agus Bearta a chuirfear i gcrích le linn na Scéime reatha                                                                                                  

Leagann an Chaibidil seo amach an córas teanga oifigiúil a oibríonn an Oifig seo maidir le soláthar a cuid seirbhísí go ginearálta.

2.1       Bealaí Cumarsáide leis an bPobal / Faisnéis don Phobal

Seo a leanas bealaí cumarsáide na hOifige leis an bpobal i gcoitinne:

Bróisiúir & bileoga faisnéise

Soláthraíonn an Oifig seo gach bróisiúr agus bileog faisnéise go dátheangach, agus leanfaidh sí ar aghaidh á soláthar lastigh den chlúdach céanna, murar féidir seo a dhéanamh de bharr méide, cineáil  nó leagan amach an ábhair.
Nuair a dhéantar iad a sholáthar i leaganacha scartha  tabharfar an suntas céanna don dá leagan, i ngach ionad phoiblí.   Trí bhun-nóta ar an leagan Béarla, cuirfear custaiméírí ar an eolas ar bhonn réamh-ghníomhach go bhfuil leagan Gaeilge den doiciméad ar fáil

Óráidí agus Ráitis

Leanfar le hóráidí agus ráitis a sholáthar sa teanga nó sna teangacha ina ndéanfar iad a thabhairt nó a eisiúint
De gnáth usáideann an tUachtarán méid áirithe Gaeilge ina Óráidí. Léireofar an chleachtas seo sna leaganacha clóite a eisíonn an Oifig.

Suíomh gréasáin

Tá athdhearadh á dhéanamh i láthair na huaire ar an suíomh gréasáin.  Nuair a bheidh seo tugtha chun críche, beidh dé-feidhmiúlacht ag an suíomh gréasáin nua sa dá theanga oifigiúil. Beidh an t-ábhar seasta uilig ar an suíomh  nua gréasáin go dátheangach.  Anuas ar sin, ó theacht i bhfeidhm na scéime seo, cuirfear gach foilseachán, bróisiúr, agus bileog eolais ar scáth an tsuímh ghréasáin ar fáil sa dá theanga oifigiúil i gcomhthráth.

Fógraí Fáilteora /ó Bhéal

Is é nó í an fáilteoir / an t-oibreoir lasc-chláir an chéad phointe teagmhála leis an bpobal. Is é an Cleachtas Caighdeánach um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí ná:

go mbeadh an cumas ag baill foirne an fáiltithe / an lasc-chláir ainm na hOifige a thabhairt i nGaeilge agus i mBéarla.
go mbeadh na gnáth-bheannachtaí i nGaeilge, ar a laghad, ar a dtoil ag baill foirne, agus go mbeadh socruithe i bhfeidhm ionas go gcuirfí baill den phobal i dteagmháil leis an oifig nó leis an oifigeach ábhartha atá freagrach as an tseirbhís arna hiarraidh a sholáthar sa mhéid agus is féidir trí mheán na Gaeilge.

Leanfar leis an leibhéal céanna seirbhíse a sholáthar le linn shaolré na dara scéime.

Preasráitis

Leanfar le preasráitis a eisiúint sa dá theanga oifigiúil.

Coinní an Uachtaráin

Leanfar le coinní an Uachtaráin a eisiúint go dátheangach .

Comhfhreagras

Tabharfar freagra trí mheán na Gaeilge ar gach comhfhreagras a fhaightear i nGaeilge.

Bainfear úsáid as an leagan oifigiúil Gaeilge ar logainmneacha sa Ghaeltacht i ngach cumarsáid ábhartha

Córais Ríomhaireachta

Tá na córais reatha ríomhaireachta a usáidtear le heolas pearsanta ar a bhfuil ainm agus seoladh a phróiseáil, inniúil ar Ghaeilge a láimhseáil.  Bainfaidh an cumas céanna le haon córas eile sna todhchaí.

Seirbhísí Idir-ghníomhacha                         

Níl ann do sheirbhísí idir-ghníomhaíocha san Oifig i lathair na huaire.  Cuirfear aon tseirbhís idir-ghníomhach nua ar líne a dhéanfar a fhorbairt  le linn shaolré na scéime, ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.                                                    

Cuairt ar na Seomraí Foirmiúla                              

Leanann na Turais ar na Seomraí Foirmiúla gach Satharn.  Ag teacht leis na gealltanais a tugadh sa chéad scéim, d’ardaigh an Oifig ceist le hOifig na nOibreacha Poiblí, maidir le soláthar a dhéanamh do thuras dátheangach ar an Áras.  Tá sé deimnithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí gur féidir leo a leithéid de thurais a chur ar fáil ach dóthan foláirimh chuige sin a fháil.  

Caibidil 3

Liosta na nAonad Gnó laistigh d’Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin              

De bharr ath-eagraithe laghdaíodh líon na nAonad Ghnó san Oifig go dtí trí cinn.  Bíonn siad uilig ag plé leis an bpobal.  Orthú sin tá:

Seirbhísí Corparáideacha
Prótacal / Imeachtaí
Na Meáin

Ag teacht le gealltanais na chéad scéime, leanfaidh an Oifig uirthi ag chinntiú go bhfuil ball foirne amháin ar a laghad, san uile Aonad Ghnó, inniúil ar dhéileáil go héifeachtach le baill den phobal trí mheán na Gaeilge.  

Caibidil 4

Feabhsú na Seirbhísí a chuirfear ar fáil go dátheangach. 

4.1       Cúlra

Tá an Oifig tiomanta do sheirbhísí a chur ar fail trí mheán na Gaeilge i ngach ceann dá hAonaid Ghnó.

Is í an príomhtháirge insoláthartha ná seirbhís ardchaighdeáin duine le duine trí mheán na Gaeilge a fhorbairt, céim ar chéim. 

4.2       Earcaíocht & Socrú

Sa mhéid agus is féidir, déanann an Oifig a dícheall baill foirne a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu a earcú agus a choinneáil

4.3       Oiliúint & Forbairt

Tá tiomantas leanúnach ann maidir le hoiliúint agus forbairt iomchuí a sholáthar don fhoireann uile, sa dá theanga oifigiúil, chun an tseirbhís do chustaiméirí a fheabhsú agus chun acmhainn iomlán na foirne a fhorbairt le linn a ngairmréimeanna san Oifig seo.

Oifigeach Bainistíochta agus Oiliúna: -

Déanann sé saorálaithe a lorg chun seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar ar fud na hOifige ar bhonn leanúnach agus nuair is gá agus is iomchuí sin a dhéanamh.

Déanann sé ábhar cúrsa a mheasúnú ar bhonn rialta, agus cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí a sholáthraítear trí mheán na Gaeilge san áireamh, lena mheas cé chomh héifeachtach agus a chomhlíonann siad spriocanna agus cuspóirí na hOifige;

Déanann sé feasacht teanga a áireamh mar chuid de chúrsaí oiliúna ionduchtúcháin d’fhonn a chinntiú go mbíonn na nithe a leanas ag an bhfoireann:

tuiscint ar an gcúis le feidhmiú beartais dhátheangaigh na hOifige;
tuiscint ar chomhthéacs agus chúlra an bheartais; agus
eolas iomlán ar an dóigh a rachaidh an beartas i bhfeidhm ar a cuid oibre.

4.4                   Cumas Gaeilge na hOifige a fheabhsú:

Cuirtear na gníomhartha seo a leanas i gcrích d’fhonn a chinntiú go ndéantar leibhéal agus caighdeán na seirbhísí don phobal araon a fheabhsú le linn na scéime:

Chomh fada agus is féidir éascaíonn an Oifig freastal na foirne ar chúrsaí Gaeilge le linn uaireanta oifige;

Cuirtear comhairle ar an bhfoireann  maidir le raon ranganna ardchaighdeáin Gaeilge atá ar fáil lasmuigh d’uaireanta oifige (m.sh. Dioplóma tríú leibhéal sa Ghaeilge; Gaelchultúr; Gael-Linn, srl.);

Caibidil 5

Monatóireacht agus Athbhreithniú

Coinneoidh Grúpa na Bainistíochta Sinsearaí laistigh den Oifig oibriú éifeachtach na scéime faoi bhreithniú, mar a dhéanann sí faoi láthair.

Leanfaidh na bainisteoirí líne i mbun feidhm na monatóireachta laethúla a chomhlíonadh go príomha i ngach ceann de na hAonaid Ghnó.  Beidh freagracht orthu maidir le feidhmiú na scéimhe laistigh dá réimsí feidhme féin agus déanfaidh siad tuairisciú go rialta don Bhainistíocht Shinsearach.       

Caibidil 6

An Scéim Chomhaontaithe a Phoibliú

Déanfar clár ábhar na scéime seo chomh maith le gealltanais agus forálacha na scéime a phoibliú don phobal i gcoitinne de réir mar is cuí trí:

Preas-Ráitis
An Suíomh Gréasáin
Scaipeadh eolais ar na gníomhaireachtaí  cuí

Ina theannta sin, agus an Oifig i mbun idirbheartaíochta le custaiméirí ó la go lá, tapófar chuile dheis d’fhonn na seirbhísí a sholáthraítear trí Ghaeilge a chur chun cinn agus a phoibliú.   Is féidir seo  a dhéanamh trí:    

Cur in iúl go díreach do chustaiméirí ar bhonn réamh-ghníomhach trí fhógraí ag an ionad fháiltithe, go bhfuil rogha ag an gcustaiméar déileáil leis an Oifig trí mheán na Gaeilge, agus go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil.  Is féidir seo a lua chomh maith ar shuíomh gréasáin na hOifige.

Bun-nótaí a chuimsiú ar threoirlínte roghnaithe, ar bhileoga agus ar fhoirmeacha iarratais, ag míniú go bhfuil na doiciméid seo ar fáil i nGaeilge chomh maith (sa chás nach n-eisítear an t-ábhar go dátheangach faoin gclúdach céanna).

Cuirfear cóip den scéim seo ar aghaidh chuig Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla.

Oifig an Uachtaráin

Scéim Athbhreithnithe 2013 – 2015

Faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003