Meáin Shóisialta
Na Meáin Shóisialta
Is tuairimí daoine aonair iad na tuairimí a phostálann tríú páirtithe ar ár leathanaigh meán sóisialta agus ní léiríonn siad tuairimí an Uachtaráin ná Áras an Uachtaráin.
Ní ghlacann Áras an Uachtaráin freagracht as ábhar na dtuairimí a phostáiltear ar ár n-ardáin meán sóisialta, ach forchoimeádaimid an ceart an chuid tuairimí a dhíchumasú nó úsáideoirí a bhlocáil má tá teanga mhaslach, gháirsiúil, mhíchuí, ionsaitheach nó bhagrach sna tuairimí.
Féadfar faisnéis atá le feiceáil ar chainéil meán sóisialta Áras an Uachtaráin a úsáid agus a athúsáid saor in aisce, faoi roinnt coinníollacha. Caithfidh tú:
- aitheantas a thabhairt don fhoinse agus dár gcóipcheart i gcásanna ina soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile;
- an fhaisnéis a athfhoilsiú go cruinn;
- gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach;
- gan an fhaisnéis a úsáid chun príomhchuspóir táirge áirithe a fhógairt nó a chur chun cinn, seirbhís nó cúis pholaitiúil;
- gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta, ná chun tacú leo.
Níl Oifig an Uachtaráin faoi dhliteanas as aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn sí go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní údaraíonn Oifig an Uachtaráin d'aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige/aici chun a faisnéis a athúsáid.
Na Meáin Shóisialta
Déanann an fhoireann chumarsáide in Áras an Uachtaráin bainistíocht arnacuntais @PresidentIRL X, Facebook, Instagram agus TikTok .
Tá sé mar aidhm ag na cuntais aird a tharraingt ar óráidí agus fógraí Uachtarán na hÉireann. Ní cuntas an Uachtaráin é.
Is féidir le daoine a leanann na cuntais a bheith ag súil le poist rialta a chlúdaíonn óráidí agus ráitis ón Uachtarán, chomh maith le grianghraif agus Sleachta ón Uachtarán.
Ní gá go mbíonn cuntais meán sóisialta a leanann an tÁras formhuinithe ag Uachtarán na hÉireann ná ag Áras an Uachtaráin.
Ní mheasfar tuairimí, tvuíteanna agus teachtaireachtaí díreacha a fhaightear mar ionadaíochtaí foirmiúla chuig an Uachtarán. Ba chóir iarratais oifigiúla a sheoladh chuig [email protected] agus ní trí theachtaireacht dhíreach.
Má tá aon bharúlacha nó tuairimí agat maidir le hobair an Uachtaráin, feidhmiú Áras an Uachtaráin nó ábhar reachtaíochta atá le teacht, déan teagmháil linn tríd ár leathanach Déan Teagmháil Linn.
Youtube
Tá leathanach Youtube Uachtarán na hÉireann á bhainistiú ag an bhfoireann chumarsáide in Áras an Uachtaráin.
Úsáidtear an leathanach chun físeáin d'óráidí agus d'fhógraí ó Uachtarán na hÉireann a fhoilsiú.
Ní dhéantar modhnóireacht ar an leathanach YouTube.
Soundcloud
Tá cuntas Soundcloud Áras an Uachtaráin á bhainistiú ag an bhfoireann chumarsáide in Áras an Uachtaráin.
Úsáidtear an leathanach chun fuaim d'óráidí agus d'fhógraí ó Uachtarán na hÉireann a fhoilsiú.
Ní dhéantar modhnóireacht ar an gcuntas.
