Faisnéis Eagraíochta
Cé muid féin
Tá foireann státseirbhíseach agus daoine eile atá ceaptha go pearsanta ag an Uachtarán i dteaghlachas an Uachtaráin.
Cé leis a mbímid ag obair
Tugann Tithe an Oireachtais, Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit tacaíocht ar bhealaí éagsúla d’Áras an Uachtaráin agus d’Oifig an Uachtaráin. Tugann baill foirne Oifig na nOibreacha Poiblí, Óglaigh na hÉireann agus An Gharda Síochána, atá lonnaithe in Áras an Uachtaráin, tacaíocht d’obair an Uachtaráin chomh maith.
Céard a chosnaíonn sé
Ba é €3.6m costas díreach Oifig an Uachtaráin in 2019.
Sa tsuim sin bhí costas €1.26m a íocadh le 481 saoránach, atá ina gcónaí sa bhaile agus thar lear agus a bhfuil céad bliain d’aois sroichte acu, faoin scéim Deolchaire an Chéid.
Tugtar sonraí na gcostas a bhaineann le riar Oifig an Uachtaráin sa Chuntas Leithreasa, a ndéanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é a iniúchadh agus a fhoilsiú gach bliain, mar a dhéanann le cuntais gach Roinne. Cuimsíonn sé freisin sonraí na gcostas a thabhaíonn Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Stáit eile a sholáthraíonn tacaíocht agus seirbhísí coimhdeacha eile d’Oifig an Uachtaráin.
Fágtar soláthar na seirbhísí tacaíochta d’Oifig an Uachtaráin (e.g. Slándáil an Gharda Síochána, cothabháil Áras an Uachtaráin ag an OOP, etc.) faoi bhreithiúnas proifisiúnta na Ranna agus na ngníomaireachtaí sin. Níl aon smacht ag Oifig an Uachtaráin ar chinntí maidir le scála an chaiteachais a bhíonn i gceist.
Ba é €3,499,000 an t-ollchostas iomlán in 2018, agus caitheadh €1,093,000 de sin ar Dheolchaire an Chéid agus €1,717,000 ar thuarastail.
Ba é €3,609,000 an t-ollchostas iomlán in 2017, agus caitheadh €1,071,000 de sin ar Dheolchaire an Chéid agus €1,665,000 ar thuarastail.
Ba é €3,608,000 an t-ollchostas iomlán in 2016, agus caitheadh €1,096,000 de sin ar Dheolchaire an Chéid agus €1,677,000 ar thuarastail.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Office of the President |
Costs for 2019 (€) |
Department and other State Bodies who provide support to the Office of the President |
Costs for 2019 (€) |
Purpose |
Salaries, wages and allowances (26 Staff Members) |
1,724,000 |
Office of Public Works |
797,000 1,097,000 201,000 |
|
Centenarians Bounty (481 citizens at home and abroad who reach the age of 100 years) |
1,258,000 |
Garda Siochana |
200,000 |
Transport costs: drivers, fuel and maintenance
|
Travel and subsistence |
87,000 |
Dept. of Defence |
422,000 |
Defence Forces personnel attached to Áras an Uachtaráin
|
Training and Development and incidental expenses |
327,000 |
Dept. of Foreign Affairs |
364,000 |
Costs associated with Presidential Travel Abroad |
Postal and telecommunications
|
64,000 |
Central Fund |
899,000 |
|
Office machinery and other office and related supplies |
195,000 |
Office of the Minister for Finance |
13,000 |
|
Appropriations-in-aid |
-78,000 |
Superannuation and Retired Allowances |
784,000 |
|
|
|
National Shared Services Office |
3,000 |
|
TOTAL |
3,577,000 |
TOTAL |
4,780,000 |
|