Cuairt an Uachtaráin ar an Leacht Cuimhneacháin i ndáil le “Memory and Truth”

hAo 25th Dei, 2013 | 21:30
suíomh: Páirc Cuscatlán
Cuairt an Uachtaráin ar an Leacht Cuimhneacháin i ndáil le “Memory and Truth”

Cuairt an Uachtaráin ar an Leacht Cuimhneacháin i ndáil le “Memory and Truth” agus freastalaíonn sé ar Aonach ag Comhpháirtithe ENR (NGO)

I mí Dheireadh Fómhair 2013, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar an Monumento a la Memoria y la Verdad in El Salvador, leacht i gcuimhne orthu siúd a maraíodh sa choimhlint agus ainmneacha 30,000 duine a dúnmharaíodh nó a d’imigh gan tásc ná tuairisc greanta ar bhalla fada.

Léirigh an tUachtarán a ómós don Easpag Romero, a bhfuil a ainm i measc na n-ainmneacha ar an leacht cuimhneacháin.

D’aithin an tUachtarán ainm a chara, an t-aturnae Salvadórach Marianella Garcia chomh maith, bean a tharraing aird an Uachtaráin den chéad uair ar na maruithe in El Salvador in 1978. Rinne saighdiúirí Garcia a éigniú agus a dhúnmharú bliain i ndiaidh don Uasal Ó hUigínn a bheith i gceannas ar mhisean bailithe eolais chuig an tír chun iniúchadh a dhéanamh ar shléacht i sráidbhaile tuaithe El Mozote.

Bhuail an tUachtarán le Flora Cuneguna Pena ag an mballa, bean atá ina huachtarán ar eagras a ainmníodh as Garcia atá ionadaíoch do chlanna na-íospartach a ndearnadh sárú ar chearta an duine orthu. Chaill sí triúr mac agus iníon sa chogadh cathartha.