Cuireann an tUachtarán a lámh le téacs i mBunreacht na hÉireann, de reir Airteagal 25 sa Bhunreacht

Lua 4th Sam, 2019 | 19:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Monday, 04th November, 2019

Cuireann an tUachtarán a lámh le téacs i mBunreacht na hÉireann, de reir Airteagal 25 sa Bhunreacht

Ag searmanas in Áras an Uachtaráin,  Dé Luain 4 Samhain ag 7pm, rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn leagan nuashonraithe den Bhunreacht, a léiríonn na hathruithe a rinneadh air sa scór bliain atá caite, a shíniú go foirmiúil.

Tarlaíonn cur isteach an Bhunreachta ina iris faoi réir théarmaí Airteagal 25.5. de Bunreacht na hÉireann.

Tráthnóna Dé Luain (4 Samhain) ag 7pm chuir an tUachtarán Ó hUigínn a lámh le téacs Bhunreacht na hÉireann ina bhfuil na leasuithe uile a rinneadh air óna chur isteach ina iris go deireanach i 1999, agus atá fíoraithe le sínithe an Taoisigh agus an Phríomh-Bhreithimh, agus iad beirt i láthair i gcomhair na hócáide.

Ach an chóip shínithe ag an Uachtarán, rinneadh an veilleam a chur isteach ina iris in Oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí.  Ach é curtha isteach ina iris tá sé ina théacs deifnídeach de Bhunreacht na hÉireann.

Is é seo an 6ú huair a cuireadh an Bunreacht isteach ina iris. Rinneadh amhlaidh níos luaithe i 1938, 1942, 1980, 1990 agus 1999. Rinneadh ceithre leasú déag ar an mBunreacht óna cur isteach ina iris go deireanach fiche bliain ó shin.