
Bhuail an tUachtarán inniu leis na Mná Onóracha in Áras an Uachtaráin. Ghlac sé buíochas leo as an gcur i láthair a rinne siad dó agus mhol sé iad as a dtaithí a roinnt leis an bpobal, rud a thabharfaidh misneach do shaoránaigh, idir fhir agus mhná, teacht chun cinn le tuairiscí mí-úsáide agus iompair mhíchuí.