Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Cathaoirleach nua Ireland Funds America, an tUasal Eugene McQuade, chuig Áras an Uachtaráin.
Bhí an tUasal McQuade á thionlacan ag Príomh-Fheidhmeannach na heagraíochta, an tUasal David Cronin, agus Leas-Chathaoirleach na heagraíochta an tUasal Shaun Kelly.
Is gréasán domhanda daonchairdis atá in The Ireland Funds a bunaíodh in 1976, chun an tsíocháin a chur chun cinn agus tacú léi, chomh maith leis an gcultúr, an oideachas agus an fhorbairt pobail ar oileán na hÉireann a chur chun cinn. Bunaíodh The Ireland Funds America in 1987. In 2018, bhronn sé níos mó ná US$ 23 milliún mar dheontais agus mar sheirbhísí cláir.
Imeachtaí bainteacha: