Ghlacfaidh an tUachtarán Ó hUiginn Peter Pellegrini, Cainteoir Chomhairle Náisiúnta Phoblacht na Slóvaice agus toscaireacht parlaiminte, chuig Áras an Uachtaráin ar ghlao cúirtéise.
Bhí an tUasal Pellegrini ina Phríomh-aire na Slóvaice ó 2018 go 2020 agus ina Aire Sláinte ó Nollaig 2019 go Márta 2020.
I mí Dheireadh Fómhair 2023, atoghadh an tUasal Pellegrini ina Cainteoir ar Chomhairle Náisiúnta Phoblacht na Slóvaice.