Fáiltíonn an tUachtarán roimh A.Sh. Stéphane CROUZAT (Ambasadóir na Fraince) ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil

Mái 29th Meá, 2020 | 14:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Tuesday, 29th September, 2020

Fáiltíonn an tUachtarán roimh A.Sh. Stéphane CROUZAT (Ambasadóir na Fraince) ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Ambasadóir Phoblacht na Fraince, A Shoilse Stéphane Crouzat, chuig Áras an Uachtaráin, agus é ar cuairt chúirtéise agus slán á fhágáil aige.

Ar theacht dóibh go hÉirinn, agus sular féidir leo tabhairt faoina gcuid dualgas, ní mór d’Uachtarán na hÉireann fáilte a chur rompu go hoifigiúil. Déantar ambasadóirí a chreidiúnú go hoifigiúil le dul ag obair in Éirinn a luaithe is a ghlacann an tUachtarán lena ndintiúir.

Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.