Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Athair Pat Clarke

Déa 1st Dei, 2020 | 14:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Thursday, 01st October, 2020

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Athair Pat Clarke

Chuir an tUachtarán fáilte roimh an Athair Pat Clarke chuig Áras an Uachtaráin.

Bhí an tAthair Pat Clark ar dhuine den deichniúr ar bronnadh Gradam um Sheirbhís den Scoth do na Gaeil thar lear orthu, as a chuid oibre leis na daoine bochta i favela in Sâo Paulo.

Mhol an tUachtarán an tAthair Pat agus dúirt sé go raibh "ról an-tábhachtach aige i stair fhada mhisinéirí na hÉireann ar fud na Brasaíle, muintearas á dhéanamh aige leo siúd is leochailí agus is imeallaithe agus tacaíocht á tabhairt aige dóibh sa tír ina bhfuil a bhaile déanta aige.  Trína chuid iarrachtaí chun caighdeáin mhaireachtála a chomhshaoránaigh ar an ngannchuid a fheabhsú, a fheachtas in aghaidh an leithcheala, an fhoréigin agus na héagóra, agus deis fuascailte ríthábhachtach an oideachais á roinnt leo, thug an tAthair Pat dóchas don iliomad daoine nach raibh cumhacht ná guth acu."