Na Gradaim um Sheirbhís den Chéad Scoth, do na Gaeil thar lear, á mbronnadh ag an Uachtarán

Déa 29th Sam, 2018 | 17:15
Na Gradaim um Sheirbhís den Chéad Scoth, do na Gaeil thar lear, á mbronnadh ag an Uachtarán

Bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Gradam Scothsheirbhíse an Uachtaráin 2018.

Bronnann an tUachtarán na Gradaim gach bliain mar aitheantas ar sheirbhís don tír seo, nó ar sheirbhís a thugann iad siúd atá ina gcónaí taobh amuigh d’Éirinn do phobail Éireannacha thar lear. Cruthaíodh na Gradaim in 2011, mar bhealach le haitheantas a thabhairt d’ionchur  dhiaspóra na hÉireann, agus bhronn an tUachtarán Ó hUigínn na chéad ghradaim in 2012.

Sna sé bliana atá caite, tá an tUachtarán tar éis na Gradaim a bhronnadh ar 61 faighteoir den scoth, a d’ainmnigh an gnáthphobal agus taidhleoirí na hÉireann.  

Ar feadh a théarma in oifig, tá béim curtha ag an Uachtarán Ó hUigínn ar mhianach domhanda oidhreacht chultúrtha na hÉireann, ar thábhacht an diaspóra, na staire agus na féiniúlachta comhroinnte, “in ainneoin na dteorainneacha, na n-aigéan agus na mílte atá eadrainn”.