Thug criú an L.É. William Butler Yeats cuairt ar Áras an Uachtaráin

hAo 23rd Sam, 2018 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Friday, 23rd November, 2018

Thug criú an L.É. William Butler Yeats cuairt ar Áras an Uachtaráin

Thug criú an L.É. William Butler Yeats cuairt ar Áras an Uachtaráin (inniu).

Rinneadh an long, a tógadh in Devon, a choimisiúnú i gcabhlach na hÉireann i mí Dheireadh Fómhair 2016. Ó shin i leith bhí an long agus a criú páirteach i slándáil mhara agus patról cosanta á dhéanamh aici ar chósta na hÉireann. Imlonnaíodh an long sa Mheánmhuir ó mhí Iúil go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017, agus sábháladh 704 duine agus fuarthas 3 chorp. 

Ar Lá Fhéile Pádraig 2016, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte onóra roimh bhaill Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann mar gheall ar an obair tharrthála a bhí á déanamh acu sa Mheánmhuir.