Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh seacht mbó dhúchasacha Dexter á seachadadh aige le tús a chur lena dtréimhse chónaithe cheithre mhí ar thailte Áras an Uachtaráin.
Beidh an t-eallach ar féarach ar thailte an Árais mar chuid de chlár oibre le bithéagsúlacht an tsuímh 130 acra a fheabhsú.
Eascraíonn an socrúchán seo ó mholtaí a rinneadh san iniúchadh bithéagsúlachta is déanaí, coimisiúnaithe ag an Uachtarán Ó hUigínn, ar mhaithe le plean caomhnaithe a fhorbairt do thailte Áras an Uachtaráin.
Cuirfear innilt na n-ainmhithe i bhfeidhm in éineacht le lomadh tréimhsiúil, ar mhaithe le hualach cothaitheach na hithreach a ísliú, agus le tabhairt isteach cnagarnach nua a chuirfidh an féar faoi chois, tá sé mar aidhm go gcuirfidh an t-eallach le bithéagsúlacht na gcluainte ar fhearann an Árais, agus as sin go gcruthófar bláthanna fiáine, a mbeidh fána méadaithe ag brath orthu agus ar éagsúlacht flora.
Bíonn an t-eallach lonnaithe de ghnáth i dTuaisceart Chontae Átha Cliath, agus atá mar chuid de chlár féaraigh inbhuanaithe cheantar cósta cosanta Chomhairle Contae Fhine Gall
Imeachtaí gaolmhara:
- Seolann an tUachtarán Ó hUigínn an chéad chéim eile i gClár Bithéagsúlachta Áras an Uachtaráin (2021)
- Buaileann an tUachtarán leis an Aire Eamon Ryan chun an tionscadal Tellus a phlé (2021)
- Tugtar an Tuarascáil Iniúchóra um Bithéagsúlacht in Áras an Uachtaráin don Uachtarán (2020)
- Suirbhé bithéagsúlachta chun slite a aithint leis an mbeathra ainmhí agus planda ar thailte Áras an Uachtaráin a chosaint tionscanta ag an Uachtarán Ó hUigínn (2020)