Fáiltiú in ómós do Lá Fhéile Pádraig, ar scáth an Uachtaráin agus Sabina, chun aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú le daoine gan dídean

Dom 17th Már, 2019 | 17:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Sunday, 17th March, 2019

Fáiltiú in ómós do Lá Fhéile Pádraig, ar scáth an Uachtaráin agus Sabina, chun aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú le daoine gan dídean

D'óstáil a tUachtarán agus Saidhbhín fáiltiú ag Áras an Uachtaráin don fhoireann líne thosaigh agus d’oibrithe deonacha atá ag obair le tacú le daoine gan dídean.   
Gach bliain, déanann an tUachtarán agus Saidhbhín Ó hUigínn ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig le fáiltiú a óstálann siad do ghrúpaí agus daoine a bhfuil ranníocaíocht ar leith déanta acu do shochaí na hÉireann. 

Anuraidh, d’úsáid an tUachtarán fáiltiú Lá Fhéile Pádraig chun ómós a léiriú do dhaoine a bhfuil orgáin tugtha acu, mar aon le faighteoirí na n-orgán agus an pearsanra leighis a bhí páirteach sna hobráidí trasphlandaithe. In 2017, díríodh i bhfáiltiú Lá Fhéile Pádraig ar éachtaí na mban a oibríonn i réimsí na heolaíochta agus na teicneolaíochta, agus an bhliain roimhe sin, thug an tUachtarán ómós do Sheirbhís Cabhlaigh na hÉireann as an obair a rinne siad chun daoine a shábháil na Meánmhuir.  
  
Labhair an tUachtarán faoi dhaoine gan dídean go minic cheana, lena n-áirítear in go leor dá Theachtaireachtaí Nollag agus ag na himeachtaí seo: