Cuirfidh an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín fáilte speisialta in Áras an Uachtaráin roimh os cionn 220 ban a d'oibrigh as neachtlanna Magdalene.
Déanann an ócáid comóradh ar an gcéad uair a thabharfar le chéile na daoine a tháinig slán as neachtlanna Magdalene in Éirinn, sa RA, i SAM agus san Astráil.
Beidh an ócáid ar siúl chun tacú leis an ngrúpa deonach, Dublin Honours Magdalenes (DHM), atá ag cuidiú leis na daoine a tháinig slán a dtaithí agus a dtuairimí a chomhroinnt ar an mbealach is ceart go ndéanfadh na glúine atá le teacht comóradh ar na neachtlanna Magdalene.