D’óstáil an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn léiriú den scannán faisnéise a bhfuil go leor gradam buaite aige, ‘The Great Green Wall’.
Bhí an léiriú seo mar chuid de shraith imeachtaí ardleibhéil arna óstáil ag ceannairí smaointeoireachta domhanda, agus é mar uaillmhian acu díospóireacht, plé agus gníomh a spreagadh chun an fhís phráinneach de 8,000km den Bhalla Mór Glas a sheachadadh faoi 2030.
Reáchtáladh an chéad léiriú sa tsraith ar seo an 16 Iúil 2020 agus d’óstáil an tArdeaspag Oirmhinneach Desmond Tutu.
Ba é an t-imeacht seo, a d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn Déardaoin 30 Iúil, an chéad léiriú fíorúil den scannán faisnéise seo san Eoraip.
Eagraíodh na léirithe i gcomhpháirt leis an Aontas Afracach – a ghlacann ceannaireacht ar thionscnamh an Bhalla Mór Glas – agus an fondúireacht pobalbhunaithe, Civic, a d’ainmnigh an tAontas Afracach le cabhrú le gluaiseacht sochaí sibhialta forleathan a chun ar siúl chun feasacht dhomhanda a ardú ar an tionscnamh.
Imeachtaí gaolmhara:
- An tUachtarán i láthair ag léiriú an scannáin faisnéise - “The Great Green Wall” (2019)
- Tugann an tUachtarán aitheasc ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (2019)
- Tugann an tUachtarán Aitheasc ag Comhdháil Chorcaí maidir (2019)
- Fáiltíonn an tUachtarán Ó hUigínn agus a chéile, Sabina roimh A Naofacht, An Pápa Proinsias (2018)
- Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin - maidir le Gaineamhlú agus Ról na hÉireann sa Dúshlán Domhanda seo (2018)
- Fáiltíonn an tUachtarán roimh An Banuasal Monique Barbut, Rúnaí Feidhmiúcháin, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Ghaineamhlú a Chomrac (2018)
- Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar an triomach in oirthear na hAfraice (2017)
- ‘The Power of Ideas for Climate – Making a New Beginning’ (2015)
- President attends an Ecumenical Service on care of the environment and climate change (2015)
- “Re-Defining Development, Taking Responsibility for Climate Change (2015)
- Remarks by President Michael D. Higgins at Hunger-Nutrition-Climate Justice Conference Dublin Castle (2013)