Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar an triomach in oirthear na hAfraice

Dáta: Céa 12th Iúi, 2017 | 16:43

12 Iúil 2017

Mhol an tUachtarán cinneadh Chomhdháil Easpag Caitliceach na hÉireann bailiúcháin speisialta a eagrú ag séipéil ar fud na hÉireann chun airgead a bhailiú do na daoine sin atá ag fulaingt leis an ngorta in oirthear na hAfraice.

D’áitigh sé ar gach saoránach agus eagras Éireannach glacadh leis an eiseamláir seo agus freagairt lena bhflaithiúlacht thraidisiúnta. 

“Mar Uachtarán na hÉireann ba mhaith liom moladh a thabhairt do gach iarracht dá leithéid chun cuidiú leis na daoine sna tíortha in oirthear na hAfraice atá ag fulaingt le héifeachtaí an triomaigh thubaistigh. 

De réir na Náisiún Aontaithe, tá an ghéarchéim dhaonnúil is measa ón Dara Cogadh Domhanda mar thoradh ar thrí bliana triomaigh, agus tá an míchothú agus an t-ocras i ndán do níos mó ná 24 milliún duine.

Tá tréimhse triomaigh ann, nach raibh a leithéid ann roimhe seo, de bharr thionchar El Niño agus éifeacht an athraithe aeráide, agus tá barra agus slí bheatha  na ndaoine scriosta agus iachall ar na mílte duine teitheadh óna dteaghlaigh. Tá pobail á scrios agus coimhlintí á spreagadh ag an triomach, agus gluaiseachtaí dídeanaithe ag méadú i réigiún atá leochaileach cheana féin.
Cuirtear i gcuimhne dúinn an tábhacht a bhaineann le hiarracht a dhéanamh, ar leibhéal an Stáit agus an tsaoránaigh, lena chinntiú go ndéantar beartais agus gníomhartha infheidhmiúla de na ráitis ar an Athrú Aeráide a aontaíodh i bPáras agus ar an bhForbairt Inbhuanaithe a aontaíodh i Nua Eabhrac in 2015. 

Ach teastaíonn freagairt ar an toirt ar an ngéarchéim seo. 

Tá Cúnamh Éireann agus Eagraíochtaí Neamh-Rialtasacha na hÉireann agus na heagrais mhisinéireachta ag tabhairt cúnaimh an-éifeachtach cheana féin do na milliúin duine ar fud an réigiúin. Ach teastaíonn freagairt ar scála i bhfad níos mó.  

Teastaíonn iarracht dhomhanda athnuaite chun bás na milliún duine bocht agus imeallaithe a sheachaint – agus impí ar an bpobal idirnáisiúnta cloí lena ghealltanas iarrachtaí fóirithinte idirnáisiúnta agus oiriúnaithe maidir leis an athrú aeráide a mhaoiniú san áireamh.  

Chomh maith leis sin, ní mór dúinn dul i ngleic leis na neamhionannais mhóra is cúis le leochaileacht daoine i dtaca leis an athrú aeráide, agus athbhreithniú a dhéanamh ar na beartais agus na cleachtais a cheadaíonn agus a chuidíonn le leanúint na gcoimhlintí sa réigiún seo ar feadh i bhfad an iomarca ama.  

Is é sin an rud is lú a éilíonn ár ndaonnacht roinnte.”