Tugann an tUachtarán an spreagaitheasc ag ócáid i dtaca le Comóradh Céad Bliain na Chéad Dála

Lua 21st Ean, 2019 | 14:50
suíomh: Teach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath
Tugann an tUachtarán an spreagaitheasc ag ócáid i dtaca le Comóradh Céad Bliain na Chéad Dála

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an príomhaitheasc chun chéad suí Dháil Éireann céad bliain ó shin a chomóradh - ceann de na príomhimeachtaí a bheidh ar siúl le linn Deich mBliana na gCuimhneachán Chéad Bliain. 

Ar feadh a chéad téarma in oifig, bhí an tUachtarán Ó hUigínn i mbun comórtha ar an iliomad eachtra suntasach le linn na tréimhse 1912-1916, agus le linn an imeachta chomórtha ar bhunú na Dála 100 bliain ó shin, spreag an tUachtarán muintir na hÉireann chun céad bliain ár ndaonlathais a cheiliúradh agus chun smaoineamh ar ár stair chomhroinnte, ar a bhfuil bainte amach againn agus ar ár dteipeanna.