Óstálann an tUachtarán Connolly Searmanas Dintiúir

Déa 21 Bea, 2026 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Óstálann an tUachtarán Connolly Searmanas Dintiúir

Chuir A Shoilse Eshagh Alhabib, Ambasadóir Phoblacht Ioslamach na hIaráine, A Shoilse João Pedro de Vasconcelos Fins do Lago, Ambasadóir Phoblacht na Portaingéile and A Shoilse Manish Gupta, Ambasadóir Phoblacht na hIndia a Litreacha Creidiúna i láthair d’Uachtarán Connolly ag searmanas in Áras an Uachtaráin.

Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh Ambasadóirí nua. Tá Ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn ón nóiméad a nglacann an tUachtarán lena nDintiúr.

Beidh Searmanas Bhronnadh Litreacha na Creidiúna ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais tugtar onóracha míleata lasmuigh den Áras.