Thug an tUachtarán Connolly cuairt ar Leeds Irish Centre mar an ghníomhaíocht deiridh dá cuairt ar an Ríocht Aontaithe.
Bunaíodh an t-ionad chun spás fáilteach a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcultúr na hÉireann chun bailiú, chun ceiliúradh a dhéanamh, agus chun a n-oidhreacht a chaomhnú.
Freastalaíonn an t-ionad ar na mílte duine gach bliain trí imeachtaí, ranganna, seirbhísí tacaíochta, agus cláir phobail.
