An tUachtarán i láthair ag Comóradh i ndáil le Saoradh Auschwitz-Birkenau – 75 bliain ó shin

Lua 27th Ean, 2020 | 15:30
suíomh: (An Pholainn) Krakow
An tUachtarán i láthair ag Comóradh i ndáil le Saoradh Auschwitz-Birkenau – 75 bliain ó shin

Thaisteal an tUachtarán Ó hUigínn chuig an Pholainn, chun freastal ar imeachtaí comórtha ar shaoradh champa géibhinn Auschwitz-Birkenau 75 bliain ó shin.

Tarraingeoidh rannpháirtíocht an Uachtaráin san imeacht aird ar an tábhacht a bhaineann le gach iarracht a chinntíonn nach ndéanfar dearmad go deo ar uafás an Uileloiscthe, agus is deis a bheidh ann ómós a thabhairt dóibh siúd a tháinig slán as.  

Tá sé 75 bliain ó shin i mbliana ó saoradh campa géibhinn agus díothaithe na Naitsithe inar dúnmharaíodh níos mó ná 1.1 milliún duine – agus ba Ghiúdaigh a bhí in aon mhilliún díobh.

Déantar comóradh, chomh maith, sa bhliain 2020 ar dhá eachtra bhainteacha eile: glacadh le Dearbhú Stócólm 20 bliain ó shin, as a d’eascair Comhghuaillíocht Idirnáisiúnta Chuimhneacháin an Uileloiscthe, agus glacadh Chomhthionól Ginearálta na NA leis an 27 Eanáir mar Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin an Uileloiscthe 15 bliain ó shin.  

Mar chuid dá chlár imeachtaí in Kraków, beidh cuairt á tabhairt ag an Uachtarán ar cheartlár stairiúil na nGiúdach sa chathair agus ar an ngeiteo a bunaíodh in 1941.