An tUachtarán i láthair ag ócáid chun cothrom 100 báis John Redmond a chomóradh

Dom 15th Aib, 2018 | 09:30
An tUachtarán i láthair ag ócáid chun cothrom 100 báis John Redmond a chomóradh

Chun bás John Redmond céad bliain ó shin a chomóradh, bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn i láthair ag an “Redmond 100 seminar” arna eagrú ag Comhairle Buirge Loch Garman, Dé Domhnaigh 15 Aibreán.

I ndiaidh an tseimineáir, táthar ag súil go bhí an tUachtarán i láthair ag searmanas i Reilig Naomh Eoin, áit leag an tUachtarán Ó hUigínn bláthfhleasc ar uaigh John Redmond.

Cliceáil ar an nasc thíos chun aitheasc an Uachtaráin a léamh.  

---

 

Tá an tUachtarán tar éis labhairt ar an iliomad ócáidí faoi ionchur an traidisiúin pharlaimintigh, ní hamháin sa troid ar son an neamhspleáchais ach i saol na hÉireann sa naoú haois déag agus san fhichiú haois ar an iomlán:

* Ag labhairt dó ar an 14 Bealtaine 2012 ag fáiltiú chun an 44ú comhdháil iomlánach de Thionól Parlaiminteach Éireann-na Breataine a chomóradh , thug sé chun cuimhne cúrsaí polaitíochta a bhí i réim sa Bhreatain agus in Éirinn céad bliain roimhe sin. 

I dTithe na Parlaiminte in Westminster in 2014, thug an tUachtarán aitheantas dá raibh bainte amach ag parlaiminteoirí Éireannacha i bParlaimint na Breataine idir Acht an Aontais agus Toghchán Ginearálta 1918, agus a ról i bhforbairt an daonlathais in Éirinn agus sa Bhreatain araon. 

* Tá an tUachtarán tar éis labhairt roinnt uaireanta, Léacht Chuimhneacháin Dhomhnall Uí Chonaill sa bhliain 2015 ina measc, ar thionchar Dhomhnaill Uí Chonaill agus ar an ngá sampla Uí Chonaill maidir lena thiomantas eiseamláireach do chearta an duine a leanúint. 

* Agus aitheasc á thabhairt aige do Pharlaimint na hAstráile Thiar i mí Dheireadh Fómhair 2017, labhair an tUachtarán ar thionchar John Hubert Plunkett, a raibh ról údarásach aige i rialtas New South Wales.