D’óstáil an tUachtarán Uí Uigínn lón d’ionadaithe ó Líonra na bPobal Gníomhach as Béal Feirste.
Úsáideann an eagraíocht seo spórt chun cabhrú le daoine ó phobail faoi mhíbhuntáiste a mbealach a dhéanamh isteach san oideachas, san oiliúint agus san fhostaíocht.
In 2018, bhuaigh Líonra na bPobal Gníomhach Béal Feirste Gradam Sport for Good Laureus, a thugtar d’eagraíochtaí nó do dhaoine aonair a d’úsáid cumhacht an spóirt chun foréigean, idirdhealú nó míbhuntáiste a shárú.