Cheap an tUachtarán Emily Logan mar Ombudsman na bPóilíní

Céa 2nd Aib, 2025 | 16:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Cheap an tUachtarán Emily Logan mar Ombudsman na bPóilíní

Cheap an tUachtarán Ó hUigínn Emily Logan mar Ombudsman na bPóilíní ag searmanas in Áras an Uachtaráin.

D’ainmnigh an Rialtas Emily Logan mar Ombudsman nua na bPóilíní faoi reachtaíocht a ritheadh in 2024.

Ainmníodh í don ról tar éis comórtas oscailte a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar siúl.