Cuireann an tUachtarán fáilte roimh a Sh. an Dr. George Vella, Uachtarán Mhálta, agus an mBanuasal Miriam Vella

Céa 1st Már, 2023 | 11:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Wednesday, 01st March, 2023

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh a Sh. an Dr. George Vella, Uachtarán Mhálta, agus an mBanuasal Miriam Vella

Chuir Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn fáilte roimh Uachtarán Mhálta, A. Sh. Dr George Vella agus a bhean chéile Miriam Vella ar Chuairt Stáit chun na hÉireann an tseachtain seo, ag tosú Dé Céadaoin 1 Márta agus ag leanúint go dtí Dé hAoine 3 Márta.

Tagann Cuairt Stáit ón Uachtarán Vella tar éis Chuairt Stáit an Uachtaráin Uí Uigínn ar Mhálta i mí Bealtaine 2022, agus é mar sprioc na gcuairteanna le naisc stairiúla, chultúrtha, oideachais agus taidhleoireachta idir an dá thír a neartú.