Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh A. Sh. Igor Grosu, Uachtarán Pharlaimint Phoblacht na Moldóive, go hÁras an Uachtaráin ar chuairt chúirtéise.
Tá an tUasal Grosu ar chuairt oifigiúil chun na hÉireann ón 27 Feabhra go 1 Márta 2023.
Le linn a chuairte, buailfidh an tUasal Grosu le roinnt airí rialtais, chomh maith leis an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl agus Cathaoirleach an tSeanaid, Jerry Buttimer.