![Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina, d’fhonn Lá Idirnáisiúnta na mBan, a chomóradh](/images/made/44d1dc18a2367c64/PRES_HIGGINS_INT_WOMENS_DAY_MX-3_720_480.jpg)
Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín fáiltiú ar siúl in Áras an Uachtaráin chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh.
Bhí sé mar aidhm ag an bhfáiltiú aird a dhíriú ar obair ghníomhaithe, fheachtasóirí, oibrithe dheonacha agus foirne eagraíochtaí a bhíonn ag obair chun dul i ngleic le foréigean teaghlaigh agus gnéasach agus a bhfuil ról tábhachtach acu i gcumasú ban chun saol díniteach agus fiúntach a chaitheamh, saor ón scéin agus ón drochíde, agus an obair sin a spreagadh.
Is féidir leat aitheasc an Uachtaráin a léamh ach cliceáil ar an nasc thíos.