Chuir A.S. Christian David Gill, Ambasadóir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus A.S. Aslak Brun, Ambasadóir na hIorua, a Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin Uí Uigínn ag searmanas in Áras an Uachtaráin.
Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh ambasadóirí nua. Tá ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn ón nóiméad a nglacann an tUachtarán lena nDintiúr.
Beidh Searmanas Bhronnadh Litreacha na Creidiúna ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais tugtar onóracha míleata lasmuigh den Áras.