Óstálfaidh an tUachtarán Ó hUigínn fáiltiú ag Áras an Uachtaráin chun comóradh 40 bliain Oifig an Ombudsman a cheiliúradh.
Déanann Oifig an Ombudsman imscrúdú ar ghearáin ó dhaoine den phobal a chreideann gur chaith soláthraithe seirbhíse poiblí áirithe go míchothrom leo.
Ina óráid, tabharfaidh an tUachtarán sé dá aire gur bunchloch í an chuntasacht in aon daonlathas rathúil. Trí scrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó shaoránaigh a mheasann gur chaith soláthraí seirbhíse poiblí in Éirinn go míchothrom leo, is gaireas neamhspleách ríthábhachtach í Oifig an Ombudsman a chinntíonn go ndéanann ranna rialtais, údaráis áitiúla, FSS, tithe altranais agus comhlachtaí oideachais tríú leibhéal a mhaoinítear go poiblí a ndícheall seirbhís phoiblí ar ardchaighdeán a bhaint amach do chách, seirbhís atá trédhearcach maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn sí, chomh maith le bheith tráthúil maidir lena próiseas cinnteoireachta.