Eolas

Eolas

Deolchaire an Chéid

Céard é an deontas do dhaoine in aois a gcéid?

Faigheann daoine a rugadh ar oileán na hÉireann agus a bhfuil an 100 bliain bainte amach acu teachtaireacht speisialta ó Uachtarán na hÉireann, ina mbíonn lá breithe sona á ghuí orthu agus comhghairdeas á dhéanamh leo as a bhfad saoil. Tugtar deontas ó Uachtarán na hÉireann leis an litir.

Tá an scéim, a dtugtar “Deolchaire an Chéid” go minic air, oscailte do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn a bhfuil 100 bliain bainte amach acu, agus do shaoránaigh na hÉireann a rugadh ar oileán na hÉireann a bhfuil an 100 bliain bainte amach acu agus atá ina gcónaí taobh amuigh den Stát.

Íoslódáil an Fhoirm Iarratais.

An mian leat labhairt le duine éigin faoin Deontas do Dhaoine in Aois a gCéid?

Déan teagmháil le do thoil le [email protected]