Media Library

Speeches

Teachtaireacht ón Uachtarán Lá le Pádraig 2022

Áras an Uachtaráin, Déardaoin, 17th March 2022

Ar an lá speisialta seo do glúnta d’ Éireannaigh agus a gcairde, agus iad siúd ar fad a bhfuil suim acu i gcúrsaí Éireannaigh, is pribhléid beannachtaí na Féile Pádraig 2022 a sheoladh mar Uachtarán na hÉireann chuig muintir na hÉireann ar fud an domhain agus chucu siúd ar fad gur cairde móra na hÉireann iad.

Inniu, ár Lá Féile Náisiúnta, Lá Féile Pádraig, tagaimid, Éireannaigh, le chéile, pé cúinsí ina bhfuilimid, pé leochaileacht nó éagsúlacht a bhaineann linn, tagann na fiúntasaí chun cuimhne a d'fhoghlaimíomar thar na glúnta ó shaol Naomh Pádraig, ár naomhphátrún náisiúnta. 

Pé áit ina mbíonn muid, cruinníonn Éireannaigh le chéile chun ár gcultúr agus ár n-oidhreacht shaibhir, a léiríonn ár stair choiteann, a cheiliúradh.

Tá dhá bhliain iomlána caite anois ón am arbh éigean dúinn in Éirinn, mar aon le náisiúin ar fud an domhain, aghaidh a thabhairt ar phaindéim domhanda. 

Iarradh orainn, níos mó ná riamh, na luachanna a léiríodh i scéal Naomh Pádraig a leanúint, an dlúthpháirtíocht, an cúram, an cineáltas agus an chomhbhá.

Agus muid ag súil go bhfuil muid ag teacht amach anois ó scáth dorcha na paindéime, táimid ar an eolas gur cheart dúinn mar shochaí iarracht a dhéanamh seasamh níos láidre a dhéanamh leis na luachanna ríthábhachtacha sin. 

Tá orainn, ní amháin ár mbuíochas a ghlacadh, ach tacú leo siúd a chuaigh i mbaol pearsanta chun muid a choimeád slán, agus a d’oibrigh le chéile chun todhchaí nua an dóchais agus an mhisnigh a chruthú.

Le linn an trátha ba mheasa den phaindéim, d'fhoghlaimíomar go léir faoi na cinntí agus an eitic ar cheart dlúthpháirtíocht shóisialta a thógáil orthu. 

Chonaiceamar mar a laghdaigh cumhacht na comhghníomhaíochta an baol do shláinte an phobail. 

Thugamar faoi deara conas a d’imigh neart rúndaingne agus chúram shóisialta an phobail chun cabhair go mór linn ár mbealach a dhéanamh trí thréimhse dheacair agus imníoch.

Chonaiceamar daoine ag teacht le chéile i sráidbhailte, i mbailte agus i mbruachbhailte ar fud na tíre chun cuidiú leo siúd a bhí leochaileach agus ar an ngannchuid. 

Chuaigh freagairt fhlaithiúil an oiread sin ár n-óige go mór i bhfeidhm orainn nuair a iarradh orthu íobairtí ollmhóra a dhéanamh chun glúin níos sine ná iad a chosaint agus a choimeád slán. 

Ba chóir nach ndéanfaimid dearmad riamh ar na hoibrithe ar an líne thosaigh ar fud na sochaí agus na n-earnálacha a bhí toilteanach a mbeatha agus a sláinte féin a chur i mbaol, is cuma cén cúram a bhí acu, chun na seirbhísí riachtanacha ar a mbraitheann ár saoránaigh a sholáthar. 

Táimid fíorbhuíoch dár ndiaspóra agus dá muintir in Éirinn, a chuir leas an phobail roimh mhian a gcroí a bheith le chéile arís, agus ní gan dua pearsanta a rinne siad é, agus tá súil agam go mbeidh cuid mhaith díobh ábalta teacht le chéile anois. 

Níos tábhachtaí, déanaim comhbhrón ó chroí arís leo siúd a chaill daoine muinteartha leo le linn na paindéime agus ba mhaith liom mo comhbhrón a sheoladh arís leo anois; chomh maith leo siúd nach raibh ábalta a bheith lena mhuintir ar uair a mbáis, nach raibh teacht acu ar na deasghnátha agus na searmanais thraidisiúnta a thugann sólás dúinn go léir ag uair an bháis. 

Tá sé an-tábhachtach go n-aithneofaí gur íoc siad praghas an-deacair as an íobairt sin a rinne siad.

Cuireadh i gcuimhne dom, arís is arís eile, gur cuid riachtanach de shaol an duine í, cinnealtas, tuiscint agus aontacht an phobail. Is é an caidreamh daonna coiteann atá tugtha don mhaith phoiblí an ghné bunriachtanach a nascann ár bpobail le chéile agus is bunús na fíorphoblachta é.

Nach trua nach bhfuil na luachanna seo ag croílár saoránacht dhomhanda. Tháinig scáth bróin ar an domhan agus an méid atá ag tarlú in Úcráin le feiceáil againn. 

Tá ar eolas agam go bhfuil bá ag muintir na hÉireann agus Éireannaigh ar fud an domhain ar gach duine atá ag fulaingt an fhoréigin seo atá do-ghlactha, mímhorálta agus éagórach. 

Seasaimis le chéile, chomhluadar amháin, muid gaolta agus oidhreacht choiteann againn, i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine agus iad ag streachailt chun an ceart atá acu maireachtáil go slán sábháilte a chosaint. 

Tá orainn go léir, muintir an domhan, ár nguthanna a ardú agus in éileamh, go mbeidh sos cogaidh, meas ar an dlí idirnáisiúnta i leith sábháilteacht agus sláinte, go dtarraingeofaí saighdiúirí na Rúise amach agus go n-athchóiríodh slándáil do thír atá crógacht, mianach agus tírghrá léirithe aici. 

Agus tús á chur againn le gluaiseacht thrialach i dtreo domhan nua iarphaindéime, tugaimis linn na ceachtanna tábhachtacha a d'fhoghlaimíomar agus an chuimhne bhuan, ar an iompar inspioráideach a chonaiceamar, agus ar an tslí ar féidir leas a bhaint as chun sochaí níos fearr agus níos cuimsithí a chruthú. 

Leagan comhbhách den gheilleagar a chur ar fáil a shásaíonn géarchéim aeráide na linne, mar shampla. 

Domhan a chloíonn le mór phrionsabal Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine a deirinn:

“gurb iad dínit dúchais agus cearta comhionanna bunúsacha gach ball den chine daonna, a bheith aitheanta is bun leis an tsaoirse, an ceartas agus an tsíocháin ar an domhan”.

Ná déanaimis dearmad go brách ar spiorad Naomh Pádraig agus ar an mian a bhí aige na hathruithe práinneacha a d’aithin sé agus a bhí ag teastáil agus an tábhacht atá ag baint le domhan níos fearr a shamhlú agus a chruthú. 

Tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn mar strainséir, mar dheoraí, mar imirceach. D'fhág sé oidhreacht thábhachtach agus fhlaithiúil a mhúnlaigh todhchaí an oileáin seo agus saolta na nglúnta a bhí le teacht. 

Tugaimis chun cinn an spiorad fial sin, agus tugaimis aitheantas dár oibleagáidí don chruinne mar shaoránaigh an domhain, agus an dualgas atá orainn seasamh i gcomhar leo siúd go léir ar fud na cruinne atá leochaileach agus ar an ngannchuid. 

Bhain fíorthábhacht le luachanna an chomhair agus an chúraim, maidir le sláinte ár gcomhshaoránach, agus muid ag dul i ngleic go héifeachtach le dúshlán an choróinvíris anseo in Éirinn. 

Ba cheart dúinn seasamh leis na luachanna seo sa bhaile agus i bhfad ónár dtír, sáraíonn siad aigéin agus teorainneacha agus cuireann siad ar ár gcumas seasamh gualainn ar ghualainn leo siúd sa domhan atá i mbéal a fhorbartha, atá fós ag fulaingt éifeachta déine na paindéime.

Is cuid ríthábhachtach í rochtain uilíoch, cothrom ar vacsaíní dár dtroid in aghaidh na paindéime, ina theannta sin aithníonn sí ár ndaonnacht choiteann a cheanglaíonn le chéile muid agus atá chomh riachtanach sin agus muid ag cruthú domhain eiticiúil. 

Inár ndomhain idirspleách, ní mór dúinn a ghlacadh gur turas fada leathan atá i dturas na paindéime, agus a fhéachaint chuige go sroichfimid an ceann cúrsa lena chéile, gan aon náisiún fágtha ar gcúl. 

Ní mór dúinn freisin an spiorad sin a bhí ag Pádraig don nádúr agus d’ilghnéitheachas a aithint. Rud atá tábhachtach do gach uile phíosa don domhan seo.

Ar an Lá Fhéile Pádraig seo, ar a ndéanaimid onóir a thabhairt dár naomhphátrún Pádraig, duine ar chuimsigh a shaol luachanna na dlúthpháirtíochta agus na daonnachta roinnte, beartaímis sin a dhéanamh trínár dtiomantas do na luachanna a threoraigh a shaol a athnuachan. 

Tá buntáistí againn. Is éasca dúinn ceangal a dhéanamh lenár muintir leathan Éireannach agus leis an iliomad daoine a bhfuil cairdeas acu le hÉirinn, glacaimis freisin lenár ról mar shaoránaigh dhomhanda, agus leis an bhfreagracht atá orainn oibriú lenár gcomhshaoránaigh ó gach cearn den domhan i gcomhair domhan níos fearr, níos cothroime agus níos cuimsithí a chruthú.

Agus íomhánna de ghaineamhlú san Afraic, mar shampla, arb é an t-athrú aeráide is cúis leis, ag teacht ar ár scáileáin, táimid ag éisteacht arís leis an gcaint faoi chogaíocht. 

Tá tionscal na harmála ag ídiú ár n-acmhainní fad is atá páistí ag fáil bháis agus coimhlintí ag méadú an t-am go léir. Ar an Lá Fhéile Pádraig seo beartaímis spás a athghabháil i gcomhair dhioscúrsa na síochána inár saol.

Agus muid ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig 2022, guím lá sona agus síochánta orthu siúd go léir a roinneann an t-oileán seo, na daoine sin ar Éireannaigh iad de thoradh a mbreithe nó a sinsir pé áit a bhfuil siad ar domhan agus na comhshaoránaigh domhanda sin a fhéachann orthu féin mar chairde buan d’Éireann.

Beir Beannacht agus bain taitneamh as an lá.