Media Library

Speeches

Speech by President Catherine Connolly at Launch of TradFest 2026

GPO Witness History Museum, 8 January 2026

A Chairde, 

Tá fíor-áthas orm a bheith anseo libh in Ard-Oifig an Phoist inniu.   Go raibh maith agat le Martin Harte, Príomhfheidhmeannach TradFest  a thug cuireadh dom an fhéile a sheoladh agus buíochas freisin le foireann TradFest uilig agus le Stephen Rea; tacadóir mór de chuid an cheoil thraidisiúnta;  atá mar phátrún ar an bhféile ó 2007 i leith.     

Ionad thar a bheith tábhachtach é seo i stair ár dtíre agus is tráthúil gur anseo atá TradFest 2026 á seoladh; féile a chuireann ardán agus spás ar fáil chun ár gcultúr, ár gceol agus ár gcruthaitheacht a léiriú do mhuintir na hÉireann.  Dar ndóigh is ócáid an speisialta atá ann inniu mar go bhfuil Gradam Saoil TradFest le bronnadh ar Peggy Seeger agus Seán Ó Sé. 

Comhghairdeas ó chroí libh, is laochra agus inspioráid sibh beirt agus tá na gradaim seo tuillte go maith agaibh! 

Is teanga é an ceol, gach sórt ceoil, a thuigtear ar fud an domhain, teanga a spreagann, teanga a thugann sólás, teanga a thugann dóchas agus is léir gur máistrí sibhse beirt in úsáid na teanga sin. 

Peggy, your music, spanning seven decades, has been and remains an inspiration to all of us.  Your song, “I’m Gonna Be an Engineer”, captured in a light-hearted but profoundly impactful way the discrimination faced by women, on every level.

I know that you have referred to this song as an albatross around your neck, and a song that you are repeatedly asked to sing, but it is a song worth endless repetition because of what it captures and how relevant it is, and I would like to say thank you.

Is ábhar ceiliúrtha í an spéis as cuimse atá á léiriú sa gceol traidisiúnta agus tíre agus tá sé ceart agus cóir go bhfuil aitheantas á thabhairt do Sheán Ó Sé as ucht atá déanta aige ar feadh na mblianta sa réimse seo.  

Faraor, ní féidir le Seán a bheith inár gcomhluadar inniú ach tá Aedín O’Loary anseo ar a shon.

A Sheáin, tá muintir na tíre seo curtha faoi gheasa ag do ghlór agus do chur chuige ón uair a thosaigh tú mar amhránaí i ngrúpa do shean-chara,   Seán Ó Riada, Ceoltóirí Chualann sna 60dí. 

Ní raibh ach achar gearr go raibh aithne ort ar fud an domhain agus tú ar thurais idirnáisiúnta le Comhaltas Ceoltóirí Éireann.  

Níl dabht ar bith ach go bhfuil bua na seanchaithe le cloisteáil agus le sonrú i do chuid saothar, a Sheáin, agus gur saibhre atá ceol agus amhránaíocht na Gaeilge agus na tíre dá bharr. Ní féidir dearmad a dhéanamh, dar ndóigh, gur agatsa a bhí an chéad ‘hit’ i nGaeilge do Gael Linn, i 1963, leis an amhrán bríomhar aitheanta “An Poc ar Buile”.  

Amhrán a tharraing aird ag am nach raibh mórán measa ar an gceol traidisiúnta, amhrán a ardaíonn meanma agus misneach fós inniu. 

Alongside the presentation of these lifetime achievement awards, we have come together to launch Tradfest. And this is a very special year for the festival – celebrating its 21st birthday – buladh bos agus comhghairdeachas.

In that 20 year period we have seen this wonderful festival grow considerably in both size and cultural significance.

Showcasing the best of Irish traditional, folk and contemporary talent, it has become a focal point of the festival calendar, shining a light in the dark days of winter.

TradFest provides a platform for new and emerging artists, reaching out to larger audiences both at home and abroad. In creating opportunities for artists to perform in a wide variety of venues across Dublin city and county, in collaboration with Dublin City Council, Fingal County Council and South Dublin County Council, the festival expands the capital city’s cultural space, to the benefit of all.

Indeed, the programme comprises 160 concerts and 60 free concerts and sessions in a myriad of venues.

Tréaslaím le Peggy agus Seán arís as ucht na ngradam saoil a bronnadh oraibh.  Mar a dúirt mé, is laochra sibh beirt agus is sibhse agus bhur leithéid a shoilsigh an ród dóibh siúd ar fad atá rannpháirteach i TradFest 2026.

Gura fada buan sláintiúil ceolmhar sibh beirt. 

Mar fhocal scoir, guím gach rath agus beannacht ar TradFest na bliana seo, níl aon dabht ach go mbeidh ceol agus craic den scoth le cloisteáil le linn na Féile agus go mbainfear sult agus spraoi as na himeachtaí ar fad atá beartaithe. 

Go raibh maith agaibh.