Óráid ón Uachtarán Connolly, Comhdháil Chumann Bharra na Gaeilge
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc, Connamara, 24 Bealtaine 2026
A Chairde Uaisle Chumann Bharra na Gaeilge, tá fíor-áthas orm a bheith i bhur gcomhluadar inniu i gceantar álainn Ros Muc, anseo i gConnamara.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Proinsias Ó Maolchalain, Cathaoirleach Chumann Bharra na Gaeilge as ucht an chuiridh.
Is breá gur anseo in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh atá tús a chur agaibh le Comhdháil na bliana seo. Is anseo a tháinig Pádraig Mac Piarais agus é ar thóir an nasc beo bríomhar leis an teanga a bhí ar fáil, agus atá fós ar fáil, i measc mhuintir na háite seo.
Thuig sé, faoi mar a thuigtear daoibhse, tábhacht na teanga.
Thuig sé nach ann dúinn mar náisiún gan an ceangal sin le teanga ársa ár sinsear. An teanga a fhuasclaíonn muid ó ghéibheann. An teanga a thugann cead dúinn teagmháil a dhéanamh le mothúcháin ár gcroíthe.
Is cinnte go ndearna an Piarsach sin agus dúchas na háite seo á sú go smior aige.
Níl sé deacair é a shamhail i mbun pinn anseo, béaloideas na dúiche ag sruthú mórthimpeall, inspioráid le fáil chuile áit ag an bhfear léannta uasal sin.
Is anseo a chum sé Óráid Uaighe O’Donovan Rossa; óráid a spreag misneach agus dóchas inár sinsear i 1915. Óráid aislingeach atá fós tráthúil inniu nuair a chuimhníonn muid ar na tíortha agus ceantair ar fud an domhain nach bhfuil saoirse acu, nach bhfuil síocháin acu.
Tá téamaí bhur gComhdhála tráthúil, a chairde, Beatha, Dúchas, Cearta agus Aeráid. Is iontach go mbeidh plé agus scagadh á dhéanamh ar na hábhair seo agaibh ar fud cheantar álainn Chonamara agus sibh i dTír an Fhia, Leitir Móir, Leitir Mealláin, Béal a’Daingin, Ros a’Mhíl agus in Inis Meáin.
Is féidir an cheist a chur: an ann don bheatha mura bhfuil saoirse ag duine?
An ann don tsaoirse gan an bheatha?
Tá go leor de phobail an domhain faoi chois agus i ngéibheann.
Cumhachtaí ollmhóra á bplúchadh agus iad ar thóir a mbrabús bradach.
An féidir beatha a thabhairt ar an saol tragóideach atá ag na daoine bochta seo atá ag sracadh chun maireachtáil ó nóiméad go nóiméad.
Ní féidir linne atá cead cainte de phribhléid againn fanacht ciúin nuair atá cinedhíothú ag tarlú.
Ní féidir neamhaird a dhéanamh nuair atá dlíthe idirnáisiúnta á sárú agus cogaí á normalú ag lucht na sainte.
Is dualgas daonna é, a chairde, ach is dualgas gairmiúil é freisin.
Roghnaigh sibhse gairm uasal an dlí, faoi mar a roghnaigh an Piarsach féin tráth, mar gur mhian libh seasamh ar son chearta an duine.
Rinne Pádraig Mac Piarais amhlaidh nuair a chosain sé Niall Mac Giolla Bhrighde a cúisíodh mar gur i nGaeilge - teanga ár dtíre a bhí faoi chois ag an am - a bhí a ainm inscríofa ar thaobh a charr capaill.
Cailleadh an cás - an t-aon cás dlí de chuid an Phiarsaigh - ach ba thús é don streachailt fhada ar son bheatha na teanga, ar son saoirse í a labhairt go hoscailte, go hard agus gan náire.
Nach bhfuil sé suntasach, breis is céad bliain i ndiaidh an cháis sin go bhfuil muid fós ag fanacht le leaganacha Gaeilge d’Achtanna an Oireachtais a bheith ar fáil, rud atá mar chúis mhór imní daoibhse agus sibh ag déanamh bhur seacht ndícheall saothrú ar son bhur bpobal cliant. Ar ndóigh tá an mhoill seo soiléir domsa, mar Uachtarán, nuair is as Béarla a thagann na Billí uile os mo chomhair.
Is léir go bhfuil spiorad an Phiarsaigh fós ag teastáil go géar uainn agus go mbeadh muid ar fad ag saothrú chun cinntiú go mbeidh na hAchtanna seo ar fad go dhátheangach.
Fós féin, bíodh dóchas againn mar is cinnte gur ó na síolta a cuireadh le cás sin an Phiarsaigh atá an teanga faoi dheireadh ag teacht chun blátha.
Ach, is cuma cé chomh láidir is a bheidh bláthú na teanga mura bhfuil domhan inmharthana le fágáil againn do ghlúnta na todhchaí. Caithfear éisteacht leis na saineolaithe. Ní féidir chuile rud a fhágáil ar an méar fhada. Is anois a chaithfear an obair a dhéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Céard is fiú cearta, céard is fiú saoirse má tá bánú déanta ar an tír?
Má tá díbirt déanta ar mhuintir na háite mar nach féidir maireachtáil ar an talamh níos mó? Tá dualgas ar leith ag baint le dlíthe a bhaineann leis an timpeallacht chun í a chosaint chun go mbeidh domhan le haeráid sábháilte le fágáil mar oidhreacht againn.
Is cinnte gur gairm lán dúshláin atá roghnaithe agaibh, a chairde, ach is cúis dóchais agus misnigh domsa é sibh a fheiceáil cruinnithe le chéile anseo.
Tá sé soiléir go bhfuil fúibh tabhairt faoi na dúshláin seo le dúthracht agus le díograis.
Is anseo a corraíodh Pádraig Mac Piarais chun gnímh, a chairde.
Guím go mbeidh spreagadh agus inspioráid le fáil agaibhse freisin ón gceantar álainn agus ón gcomhluadar gnaíúil.
Bainigí sult agus tairbhe as bhur gcomhdháil.
Go raibh míle maith agaibh.
