Media Library

Speeches

Óráid ón Uachtarán Connolly, Coláiste na hOllscoile Corcaí

UCC, 27 Bealtaine 2026

A Chairde Uaisle, a Lucht Teagaisc agus Lucht Léinn ar fad, tá mé thar a bheith sásta a bheith anseo i gColáiste na hOllscoile Corcaí i bhur gcomhluadar inniu.  

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh John O’Halloran as ucht na fáiltithe ar maidin.  

Ollscoil í seo ina bhfuil tiomantas agus dúthracht don Ghaeilge agus do dhúchas na tíre seo léirithe ó ceapadh an chéad Ollamh le Gaeilge sa Choláiste, Eoin Ó Connalláin as Sligeach, in 1849.  Is léir go bhfuil an tiomantas agus dúthracht chéanna ag dul i dtreise bliain i ndiaidh bliana san Ollscoil. Nach aoibhinn beatha an scoláire atá in ann a dtréimhse ollscolaíochta a chaitheamh trí Ghaeilge! 

Tá an deis speisialta sin ag mic léinn na hOllscoile atá de phribhléid acu maireachtáil in Áras Uí Thuama. Tuigtear dom, freisin, go bhfuil an tóir ar na ranganna a chuireann Ionad na Gaeilge Labhartha ar fáil.  

Is iontach a chloisteáil go bhfuil an borradh atá faoin teanga ar fud na tíre agus thar lear ag tarlú mar chuid de shaol laethúil na hOllscoile seo.  

Bhí áthas orm am comhrá a bheith agam leis an Dr. Jean van Sinderen-Law agus leis an Ollamh Pádraig Ó Machain níos luaithe ar maidin.  

Tugadh deis, freisin, dom sracfhéachaint a thabhairt ar Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh, lámhscríbhinní a cruthaíodh i gCill Bhriotáin in iarthar an Chontae, go mall sa chúigiú aois déag.

Tá sé thar a bheith spéisiúil an dlúthcheangal le cultúr comhaimseartha na hEorpa atá le sonrú sa leabhar seo. Léiríonn sé dúinn nach raibh an t-oileán seo scoite amach ón méid a bhí ag tarlú ar fud na hEorpa ag an am, go raibh muid oscailte, go raibh muid aireach.

Go dtuige muid, faoi mar a thuig ár sinsear gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine  - is cuma cén oileán nó ceantar nó tír arbh as sinn agus go gcaithfear an tuiscint agus an chomhbhá sin a léiriú go misniúil. 

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Dr. Síle Ní Mhurchú a thug ar shiúlóid shuimiúil trí Chonair na gCloch mé.  

Siúlóid a thug ábhar machnaimh dom; ’s mé ag smaoineamh ní amháin orthu siúd atá á gcomóradh in Ogham sa Chonair seo ach orthu siúd ar fad atá imithe romhainn - agus an tábhacht atá lenár n-oidhreacht teangan agus staire a chaomhnú do ghlúnta na todhchaí.

Ag caint ar ghlúnta na todhchaí, caithfidh mé buíochas a ghabháil le  hAmergín Ó Caoindealbháin a thug an-aire dom agus mé ag casadh leis na mic léinn ó chlár na Céime Dlí agus Gaeilge. Is ábhar dóchais agus misnigh na daoine óga seo. Guím gach rath oraibh agus sibh i mbun bhur scrúduithe deireanacha. Caithfidh mé a rá gur bhain mé an sult as mo chuairt chuig an Ollscoil go dtí seo agus go bhfuil mé ag súil go mór leis an taispeántas ceoil atá le teacht anois.  Tá mé ag tnúth, freisin, leis an deis dreas cainte a bheith agam le mic léinn atá i mbun staidéar na Gaeilge agus mic léinn atá bainteach le grúpaí comhrá Gaeilge. 

Guím go mairfidh an grá don Ghaeilge i bhur gcroíthe cibé áit nó gairm a roghnaíonn sibh amach anseo. 

Go n-éirí go geal libh sna blianta amach romhaibh. 

Go raibh míle maith agaibh.