Media Library

Speeches

Óráid ón Uachtarán Connolly ag Gaelscoil Inse Chór

Gaelscoil Inse Chór, 12 Samhain 2025

A chairde, a mhic léinn, a mhúinteoirí agus a fhoireann

Tá áthas orm bheith anseo libh inniu i nGaelscoil Inse Chór, mo chéad ócáid oifigiúil mar an 10ú Uachtarán na hÉireann.

Is sárshampla iontach é bhur scoil, a bhí bunaithe i 1977, gar go 50 bliain ó shin, de thraidisiún atá léirithe ag Gaelscoileanna, le béim a chuirtear ar bhuíochas don Ghaeilge agus chultúr na hÉireann, meascán shóisialta agus tuiscint do cultúir éagsúla.

Is scoil é Gaelscoil Inse Chór a chuireann an Ghaeilge chun cinn agus a chaomhnaíonn réimse dár gcultúr, ní amháin ár dteanga álainn.

Le 240 mac léinn, thar 9 ranganna sa scoil, gach ábhar múinte trí Ghaeilge, agus Gaeilge an teanga cumarsáide sa scoil, sa rang, sa chlós, ar thrusanna agus ag cluichí.

Níl aon amhras orm, muna bhfuil tú líofa sa Ghaeilge anois go mbeidh tú sula bhfágainn tú an scoil seo.

Tuigimid ó thaighde go gcothaíonn tumoideachas araon leis an oideachas atá á reáchtáil agaibh, smaoineamh cruthaitheach, ag tabhairt réimse réitigh d’fhadhbanna laethúla.

Thaispeáin taighde go bhfuil torthaí níos fearr ag daltaí i mBéarla agus i Matamaitic araon i gcomparáid le daltaí a d’fhreastail ar Scoil Béarla. Cinnte go léiríonn na torthaí seo tiomantas na múinteoirí.

Cabhraíonn scileanna an dátheangachas go mór le daltaí níos déanaí chun teanga eile a fhoghlaim, toisc go dtuigeann d’intinn conas níos mó ná theanga amháin a láimhseáil.

Éiríonn go maith le daltaí ó Ghaelscoileanna agus iad ag lorg oideachas tríú leibhéal.

Tuigeann muid freisin ó thaighde go gcuireann oideachas dátheangach go dearfach le fás sóisialta, mothúchánach, agus fás idirphearsanta páistí a bhfuil riachtanais oideachasúla speisialta acu.

Is iontach an rud é do pháistí bheith tumtha i scoil a chuireann béim ar forbairt na tuisceana atá acu ar a gcultúr agus oidhreachta, a chothaíonn féinmhuinín agus tuiscint pearsanta láidir.

Is tréith iontach eile a mbaineann le scoil cosúil le seo, cosúil le an-chuid Gaelscoileanna, go spreagtar meascán de pháistí ó gach sórt chúlra socheacnamaíoch, le cúinsí éagsúla agus tuiscint éagsúla ar an saol .

Cabhraíonn an ionchuimsitheacht sin linn comhbhá a mothú dá chéile, bunús cad a dhéanann daonna sinn.

Cuidíonn an chuimsitheacht sin linn meas a chothú ar chultúir agus teangacha iontacha eile. Is í an éagsúlacht seo a fhágann go bhfuil ár ndomhan chomh speisialta agus chomh hálainn.

Mar d’Uachtarán, beidh mé guth dár dteanga álainn agus dár n-oidhreacht chultúrtha shaibhir, seasfaidh mé mar chroílár na ndaoine, a neart méadaitheach ag nochtadh an oiread sin faoi cé muid féin mar phobal – cruthaitheach, muiníneach, nasctha, agus bródúil as ár n-oidhreacht shaibhir mar náisiún, ach ag féachaint go dtín todhchaí le dóchas agus oscailteacht.

Dúirt mé i m’óráid inné, níor chreid mé riamh i spiorad na tíre seo agus a ndaoine níos mó ná a chreidim faoi láthair. Tá an-chuid obair le déanamh againn, ach creidim gur féidir linn é a dhéanamh le chéile.

Ní neart go cur le chéile.

Guím gach rath oraibh i bhur staidéir agus seolaim beannachtaí díobh don todhchaí.

Go raibh míle maith agaibh go léir.