Media Library

Speeches

Óráid an Uachtaráin Uí Uigínn - ‘Tae leis an Uachtarán’

Áras an Uachtaráin, Dé Céadaoin, 11 Márta 2020

Dia dhaoibh a chairde. Is cúis mhór áthais dom féin agus do mo bhean chéile Saidhbhín, fáilte a fhearadh romhaibh uilig chuig Áras an Uachtaráin. Bíonn ócáidí den saghas seo againn go rialta anseo san Áras ag tabhairt aitheantas do ghrúpaí agus daoine difriúla go h-áirithe iadsan atá ag obair ar leas an phobail. Dá bharr sin táimid thar a bheith sásta ócáid faoi leith i nGaeilge a bheith againn an tseachtain speisialta seo – Seachtain na Gaeilge – agus an deis a thapú tráthnóna a chaitheamh le chéile agus cumarsáid a bheith againn le comhrá inár dteanga dhúchais.

Táimid ag bailiú le chéile i gcomhthéacs faoi leith agus muid ag dul i ngleic leis an ghalair Covid 19 atá i measc an phobail anseo in Éirinn mar atá sé ar fud na cruinne. Is cúis imní í gan dabht agus caithfimid uilig treoracha an Roinn Sláinte a ghlacadh agus cé nach bhfuil srian curtha ar ócáidí den saghas seo san Áras nílimid ag croitheadh lámha nó ag póga ár n-aíonna i láthair na huaire agus táimid ar fad ag ní ár lámha níos minice.

Ach, in ainneoin sin, nach galánta atá sibh ar fad ag breathnú agus sibh bailithe anseo ó cheann ceann na tíre. Tréaslaim libh!

Tá fáilte faoi leith don fhoireann ó Aonach Mhacha a tháinig anuas ó Ard Mhacha. Is tráth cheiliúradh í do mhuintir Ard Mhacha agus an oscailt oifigiúil den chultúrlann nua acu a tharla Dé hAoine seo caite. Bhí cuireadh tógtha acu dom an oscailt oifigiúil a dhéanamh ach de bharr cúrsaí dialainne, ní raibh mé in ann bheith i láthair, ach tá súil agam go mbeidh seans agam bualadh suas chugaibh in Ard Mhacha amach anseo.

Tá Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer anseo le roinnt den fhoireann ón gConradh. Tá an-obair á dhéanamh agaibh i Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath an t-am ar fad agus go háirithe le Seachtain na Gaeilge a eagrú. Is cúis cheiliúrtha ann féin é go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag dul ar aghaidh ón mbliain 1902 faoi choimirce Chonradh na Gaeilge agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin. Agus nach iontach an rud é go maireann an tseachtain ar feadh coicís!

Tá Éanna Ó Cróinín, bainisteoir Chomharchumann Ráth Chairn, Gaeltacht Chontae na Mí linn chomh maith. Is scéal ratha í scéal Ráth Chairn agus crógacht an 41 teaghlach a d’aistrigh ó Chonamara go Contae na Mí sna tríochaidí, -“the stuff of legends” mar a déarfá i mBéarla. Ó tháinig aitheantas oifigiúil Gaeltachta i 1967 go dtí an lá atá inniu ann, tá Ráth Chairn ag dul ó neart go neart agus tá todhchaí gheal acu.

Fáilte romhat, Éanna.

Tá cúrsaí oideachais thar a bheith tábhachtach don teanga, dar ndóigh agus tá áthas orm go bhfuil dreamanna éagsúla linn atá sáite i gcúrsaí traenála, agus teagaisc. Ó Leitir Mór i gContae na Gaillimhe tá Seán Ó Coisdealbha ó Mhuintearas atá ag ceiliúradh 40 Bliain ar an bhfód i mbliana. Bhain mé an-taitneamh ag féachaint tríd an bhféilire a sheol sibh chugam le déanaí.

Tá daoine anseo ó Ghaelcholáiste an Phiarsaigh agus beirt ó Gaelchultúr linn, agus sár-obair á dhéanamh ag cur an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn. Tá grúpa anseo ó Teastas Eorpach Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus fáilte faoi leith do Katie Whelan ó Fiontair agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Átha Cliath a bhíonn ag múineadh Gaeilge don fhoireann anseo in Áras an Uachtaráin gach seachtain.

Tá fáilte freisin roimh an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill agus a iníon atá anseo ó Chonamara. Tá an-jab á dhéanamh ag oifig an Choimisinéara Teanga ar son na Gaeilge agus guím gach rath ort agus ar d’fhoireann, Rónán.

Tá grúpa ón gCorr Choill i gCo. Chill Dara, an ghrúpa Gaeilge “Cúpla Focail” ón Mhuileann gCearr, agus grúpa chomhrá ó Age Action West i gcathair na Gaillimhe.

Tá eagraithe Pop-Up Gaeltacht Chois Bá linn freisin. Is rud iontach í an Pop-Up Gaeltacht. Cuireann sé an Ghaeilge chun cinn i suíomh neamhfhoirmiúil, agus de réir dealramh tá an-chraic ag baint leo. Tá Osgur Ó Ciardha agus Peadar Ó Caomhánaigh, an bheirt a thosaigh na Pop-Up- Gaeltachtaí linn inniu agus molaim iad as ucht a gcruthaitheacht agus a gcur chuige.

Tá fáilte mhór freisin roimh gach duine eile agaibh nár luaigh mé. Tá sibh ar fad gafa, in bhur slite difriúla, leis an nGaeilge agus ag déanamh bhur ndícheall í a fhoghlaim, a fheabhsú, a labhairt, a mhúineadh - a choimeád mar theanga bheo ar fud na tíre.

Tá muid bailithe le chéile anseo, idir óg agus aosta, idir lucht líofa agus foghlaimeoirí, chun ceiliúradh beag a dhéanamh le chéile ar ár oidhreacht, ár gcultúr teanga atá caomhnaithe againn mar phobal in ainneoin deacrachtaí agus dúshláin na staire.

Is fiú dúinn cuimhniú siar chomh maith ar na h-iarrachtaí a bhí ag teastáil ó dhaoine ar nós Dúbhglas de hÍde, ár gcéad Uachtarán agus duine de bhunaitheoirí Conradh na Gaeilge, agus an iliomad duine ó shin i leith, chun a háit chuí a dheimhniú don Ghaeilge inár saol poiblí, sa státchóras, sa chóras Oideachais agus inár meán cumarsáide.

Dúinne, atá chomh tógtha leis an nGaeilge, is ábhar cheiliúradh í an teanga. Is cuid lárnach í d’ár saol agus dár bhféiniúlacht. Nuair a thuigimid luach na teanga, agus gach ní a bhaineann léi, tuigimid, ag an am céanna, luach na nithe eile d’ár gcultúr, agus leis sin luach na dteangacha eile a úsáidtear ar an Oileán seo, agus tábhacht na traidisiúin éagsúla atá ag maireachtáil ar scáth a chéile fud fad an Oileáin seo.

Nuair a labhraímid lé chéile i nGaeilge táimid ag déanamh ceangal le chéile, dar ndóigh, ach ar shlí eile táimid ag déanamh comhrá leis na glúnta ar fad a chaith a saoil ar an oileán seo romhainn, thar na mílte bliain trí mheán na Gaeilge agus iad a d’imigh agus ar thóg an teanga leo. Nuair a úsáidimid ár gcuid Gaeilge táimid ag cinntiú, le chéile, go gcoimeádfar slán ár dteanga ar mhaitheas an phobal mhór agus na glúnta atá le teacht inár ndiaidh.

Is cuspóir réasúnta í sin d’ár bpoblacht, dar liom féin. Tír a bheith againn ina bhfuil an Ghaeilge beo beathach; Tír atá ar a compord lena h-oidhreacht, lena cultúr agus lena dúchas.

Ní hé sin le rá nach bhfuil dúshláin romhainn i gcónaí maidir leis an nGaeilge, ach tugann sé misneach dom go bhfuil an Ghaeilge in úsáid chuile lá thar timpeall na tíre. Tá sí á labhairt agus á fhoghlaim sna scoileanna agus choláistí, sna campaí samhraidh agus sna teaghlaigh Ghaelacha fud fad na tíre. Tá sí le cloisteáil agus le léamh ar na meáin chumarsáide agus beo sna ciorcail chomhrá, sna clubanna leabhar agus sna “Pop-Up” Gaeltachtaí. Tá sí in úsáid go rialta i measc réimse leathan den phobal agus airím féin go bhfuil an ghlúin óg lán-mhuiníneach as a bheith á h-úsáid go rialta.

Tá buíochas agus meas ag dul daoibhse is daoine eile cosúil libh thar timpeall na tíre a aithníonn luach na teanga, áilleacht na teanga agus tábhacht na teanga. Sibhse atá ag déanamh sár iarracht úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a craobhscaoileadh go bródúil agus go forleathan ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.

Mar Uachtaráin na hÉireann, tréaslaím libh agus molaim sibh.

Anois, mar shiamsaíocht tá beirt a bhfaca mé féin ag seinnt ag an bhFleadh Cheoil Mí Lúnasa seo caite agus bhí mé an-tógtha leo. Táim thar a bheith buíoch de Zoë Conway agus John McIntyre as teacht inniu chun roinnt cheol a seinnt agus cúpla amhrán a chanadh b’fhéidir. Tá a fhios agam go mbainfidh sibh an-taitneamh astu.

Go raibh míle maith agaibh go léir, agus bainigí sult as an tráthnóna.

Beir Beannacht.