Media Library

Speeches

Óráid an Uachtaráin Catherine Connolly, Scoil Gheimhridh Joe Steve

Amharclann Chois Fharraige, 23 Eanáir 2026

Dia daoibh, a chlann agus a chairde Joe Steve, ba mhór an onóir dom cuireadh a fháil ón gCoiste chun Scoil Gheimhridh Joe Steve a sheoladh anseo in Amharclann Chois Fharraige tráthnóna.  

Tá sé deacair a chreidbheáil go bhfuil sé 6 bliana ó cailleadh laoch mór na bhfocal agus, dar ndóigh laoch na Gaeltachta, agus an cheantair seo ach go háirithe.  

Ach, is cinnte gur imithe romhainn atá Joe Steve agus ní uainn mar go maireann a oidhreacht go láidir anseo i bhur measc agus ar fud shaol na Gaeilge. 

Fear áitiúil ab é Joe Steve, fear a thug a shaol agus a anam don cheantar arbh as dó agus don teanga a shaothraigh sé ar a son ar feadh na mblianta. 

Tuigeadh do Joe Steve go raibh gá leis an nGaeilge a chosaint, go raibh gá leis an gceantar a fhorbairt agus a chaomhnú.  Ní raibh drogall air riamh an fód a sheasamh ar son an cheantair seo agus ar son na Gaeilge i gcaitheamh a shaoil. 

Is mór an obair a rinne sé le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus le heagrais agus coistí eile, obair ónar eascair Raidió na Gaeltachta, TG4, agus atá mar bhunchloch do Chomharchumann Shailearna agus go leor de na háiseanna pobail, den bhfostaíocht agus na deiseanna atá le fáil sa gceantar seo fós inniu. 

Bímis buíoch dó as ucht na hoibre sin.

Bímis buíoch freisin gur chuir Joe Steve peann le pár mar nach bhfuil insint ar an méid a bhain sé as tobar na cruthaitheachta.  

Tá oidhreacht ollmhór fágtha aige dúinn ó úrscéalta, gearrscéalta, drámaíocht, geamaireachtaí, lúibíní, agallaimh beirte, filíocht gan trácht ar a chuid aisteoireachta. 

Fear ab ea Joe Steve a bhí ábalta cúrsaí an lae, an phobail agus an cheantair a shú isteach go domhain agus ansin a chur faoin ár  mbráid ar bhealach spéisiúil, spreagúil, spraíúil.  

Bhí ‘Lámh Láidir’ ar an gcéad leabhar a léigh mise agus mheall a stíl scríbhneoireachta mé láithreach.    

Thug Joe faoi scéal a thug an léitheoir isteach go croílár cheantar Chonamara, chuig na dúshláin éagsúla a bhí ag muintir na háite thar tréimhse trí ghlún teaghlaigh. 

Ní raibh aon téama nó cuid den saol ón ngrá, cairdeas, cúrsaí clainne, imirce, creideamh, dúnmharú nach raibh Joe ábalta insint a dhéanamh orthu agus rinne ar bhealach a thugann léargas dá léitheoirí de stair shóisialta an cheantair agus na tíre. 

Bhí an bua sin ag Joe nádúr an duine; idir maith agus olc, dubh agus bán,  a thuiscint.  Bhí scil áirithe aige an gáire a fhí leis an mbrón agus gan aon ábhar a sheachaint is cuma trom nó éadrom. 

Tá a chuid leabhar idir úrscéalta agus filíocht bailithe le fada agam. 

Is uatha agus ó bheith ag éisteacht le Joe ar an Raidió agus ar stáitse a spreagadh cíocras ionam chun coinneáil leis an bhfoghlaim, coinneáil leis an léitheoireacht agus cur le mo stór focal féin. Giorraíonn beirt bóthar agus is cinnte go ngiorraítear an bóthar nuair atá leabhar de chuid Joe mar chompánach agat.   

Níl aon dabht ach go mbeadh Joe Steve fíor-bhródúil go bhfuil an Scoil Gheimhridh seo eagraithe agaibh chun a shaol agus a shaothar a chomóradh agus chun an saibhreas teanga agus cruthaitheachta a bhí aige, agus an meas agus ómós a léirigh sé i rith a shaoil don

Ghaeilge agus do cheantar Chonamara a roinnt anois leis an nglún óg sa gcaoi go mairfidh a spiorad i bhur measc agus go mbeidh an Ghaeilge agus cruthaitheacht na Gaeilge ag dul i dtreise. 

Gura fada buan sibh ag scríobh, ag léamh, ag casadh ceoil agus ag déanamh scléipe.  

Bainigí sult agus tairbhe as an deireadh seachtaine.